Den chéad uair riamh beidh scannán Gaeilge á thaispeáint ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín san earrach.
Lucht na féile a roghnaigh go mbeadh an première nó an chéad léiriú ag An Cailín Ciúin go hoifigiúil ag an 72ú féile Berlinale agus taispeánfar é sa rannóg Glúin/Generation.
Dúirt Stiúrthóir an scannáin, Colm Bairéad gur “mór an onóir agus an t-ardú croí dúinn gur roghnaíodh muid don Berlinale agus go háirithe don rannóg, Glúin.”
Is é an scannán seo, An Cailín Ciúin, an chéad scannán fada ag an stiúrthóir Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, ó Inscéal.
Fís Éireann, TG4, agus Údarás Craolacháin na hÉireann a chuir maoiniú ar fáil do An Cailín Ciúin faoin scéim Cine4.
Is é aidhm rannóg Glúin/Generation ag féile scannán Bheirlín don cineama idirnáisiúnta go “n-éistfí i gceart le daoine óga” agus go n-inseofaí scéalta trí shúile na n-óg.
Tá an scannán An Cailín Ciúin, bunaithe ar scéal le Claire Keegan agus rinneadh an scannánú anuraidh i mBaile Átha Cliath agus i gcontae na Mí. Dráma casta leochaileach é seo faoi dhuine atá ag teacht in inmhe agus pléitear an teaghlach, an fhaillí agus an chailliúint trí shúile an phríomhcharachtair óig.
Break Out Pictures a bheidh á dháileadh anseo in Éirinn agus a bheas i mbun a eisiúna an bhliain seo chugainn.
Rinne Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4 comhghairdeas le lucht déanta An Cailín Ciúin ar a roghnú d’Fhéile Idirnáisiúnta Bheirlín.
“Táimid thar a bheith sásta leis an rath a bhí ar scannáin Cine4 ar fad go dtí seo, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta,” a dúirt sé.
Taispeánfar An Cailín Ciúin i mBeirlín mí Feabhra agus beidh sé sna pictiúrlanna anseo san earrach, 2022.