Tá comhiarratas curtha isteach ag Éirinn, Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain chun a bheith mar thíortha óstacha do Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa in 2028.
Corn an Domhain 2030 an sprioc a bhí ar dtús ann ach fógraíodh inniu gur “dírithe” ar chomórtas na hEorpa in 2028 amháin atáthar anois.
Dúirt an FAI: “Agus staidéar féidearthachta cuimsitheach déanta, a dhein cíoradh ar na féidearthachtaí sa sacar idirnáisiúnta, d’aontaigh cumainn na hÉireann, Shasana, Thuaisceart Éireann, na hAlban agus na Breataine Bige go ndíreofaí ar iarratas Euro 2028 UEFA a reáchtáil.
“Mar chuid den staidéar féidearthachta, deineadh anailís ar pholaitíocht shaol an tsacair agus ar an tionchar eacnamaíochta agus na costais a bhainfeadh le comórtais mhóra idirnáisiúnta a reáchtáil.”
Bheadh mórán an toradh céanna ar an infheistíocht a dhéanfaí sa chraobh Eorpach is a bheadh ag baint leis an gcorn domhanda, a dúradh. Chomh maith leis sin, dúradh go mbainfeadh costas níos lú leis an gcomórtas Eorpach agus gur túisce a d’fheicfí na buntáistí as.
“Onóir agus pribhléid a bheadh ann Euro 2028 UEFA a reáchtáil le chéile agus fáilte a chur roimh an Eoraip go léir,” a dúradh.
Meastar gur idir 6-8 cluiche a bheadh in Éirinn dá n-éireodh leis an iarratas.
Meastar go mbeidh an Spáinn agus an Phortaingéil san iomaíocht chomh maith do Euro 2028.