Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
an-mbeidh-uachtaran-mna-ar-chonradh-na-gaeilge?

An mbeidh uachtarán mná ar Chonradh na Gaeilge?

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Is dócha ná a mhalairt gur bean a bheidh ina huachtarán ar Chonradh na Gaeilge den chéad uair le blianta fada i ndiaidh thoghchán uachtaránachta na heagraíochta a reáchtálfar i nGaillimh an deireadh seachtaine seo chugainn.

Seasfaidh Tánaiste Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, do ról an uachtaráin le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl in Óstán Chuan na Gaillimhe ar an 26 Feabhra. Is í Paula an t-aon iarrthóir amháin a sheasfaidh sa toghchán i mbliana.

Tá Paula ina Tánaiste ar an eagraíocht teanga ó thogh baill an Choiste Gnó í in 2017, agus tá sí ina cathaoirleach ar an bhFochoiste Forbartha freisin. Ag an leibhéal áitiúil, tá sí ina cathaoirleach ar Chraobh Phobal Gaeilge 15, craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bhunaigh sí ina ceantar dúchais in iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath. Chuir an chraobh sin go leor oibre isteach i mbunú na scoile Coláiste na Tulchann agus bíonn cuid de na himeachtaí is mó ar domhan do Sheachtain na Gaeilge ar siúl acu bliain i ndiaidh bliana.

Bíonn Paula gníomhach i rannóga eile de chuid Chonradh na Gaeilge – Coiste Stiúrtha Ógra, an Coiste Ilchineálachta, agu Bord an tSiopa Leabhar – ag bíonn sí ag freastal ar chruinnithe na Meithle Gaeltachta freisin.

Ba í Paula an tríú bean a bheadh ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge dá dtoghfaí an deireadh seachtaine seo chugainn í. Bhí Íte Ní Chionnaith ina huachtarán ó 1985 go 1989 agus bhí Áine de Baróid sa ról ó 1994 go 1995. Bhí 35 uachtarán ar an gConradh ó bunaíodh an eagraíocht in 1893.

Is minic a thoghtar Tánaiste an Chonartha ina uachtarán i ndiaidh théarma an uachtaráin reatha. Go deimhin, fágadh oifig an Tánaiste gan líonadh nuair a toghadh réamhtheachtaí Paula, an Dr Niall Comer, ina uachtarán ar an gConradh ag Ard-Fheis 2017. Ba í Paula an bhean ab óige a ceapadh ina Tánaiste i stair na heagraíochta.

Tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge san ardchathair ar Melvin mar gheall ar an mbaint mhór atá aici le heagraíochtaí agus imeachtaí Gaeilge sa chathair. Ba imreoir agus leasrúnaí í ar an gcumann peile Na Gaeil Óga CLG, agus bhí sí ina ball de Choiste na Gaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall, Buanchoiste an Chonartha, Coiste Chlub an Chonartha, Coiste Oireachtas na Gaeilge agus Coiste Stiúrtha Ógras roimhe seo.

Agus í ag freastal ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, bhí Melvin ina hOifigeach Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn agus ina cathaoirleach ar an gCumann Gaelach. 

Tá Paula ag obair anois le Coimisiún Fulbright na hÉireann.

Níos mó