Meastar gur thug thart ar 10,000 duine aghaidh ar shráideanna Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine do ‘An Lá Dearg’, agóid ar son na reachtaíochta teanga.
Bhí an ócáid ar cheann de na hagóidí is mó riamh dá bhfuil eagraithe ag lucht feachtais na Gaeilge agus tháinig daoine ó Bhaile Átha Cliath, Gaillimh, Dún na nGall agus gach cuid den Tuaisceart.
Na gealltanais gan chomhlíonadh faoin reachtaíocht teanga don Tuaisceart an spreagadh don ‘Lá Dearg’ a d’eagraigh An Dream Dearg.
D’fhág lucht feachtais Cultúrlann McAdam Ó Fiaich in iarthar na cathrach tráthnóna Dé Sathairn agus mhéadaigh ar an slua de réir mar a rinne siad a mbealach suas Bóthar na bhFál, Sráid Divis, Millfield, Cearnóg Smithfield Thuaidh, Sráid Winetavern agus ansin North Street.
Casadh síos ansin i dtreo Royal Avenue agus Donegal Place agus as sin chuig Halla na Cathrach i lár Bhéal Feirste, áit a raibh óráidí is slógadh.
Bhí daltaí scoile, cumainn spóirt agus eagraíochtaí pobail i measc na ndaoine a ghlac páirt san agóid.
Gheall Rialtas na Breataine arís le déanaí go dtabharfaí isteach reachtaíocht don Ghaeilge in Westminster agus tuairiscítear go ndéanfar fógra faoina leithéid an tseachtain seo.
Tá an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga ina hábhar conspóide ó thuaidh le roinnt blianta.
Gealladh acht don Ghaeilge ar dtús in 2006 agus bhí reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a aontaíodh breis is dhá bhliain ó shin.
Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura ndéanfaí an beart in Stormont.
Nuair nár tharla sin gealladh i mí Eanáir go dtabharfaí isteach an reachtaíocht roimh thoghchán Stormont an mhí seo.
Tugadh gealltanas eile in Óráid na Banríona an mhí seo go dtabharfaí an reachtaíocht isteach.
Tá roinnt beartas don Ghaeilge á ngeallúint, coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga ina measc.
Gealladh chomh maith go dtabharfaí cumhachtaí do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfidh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais i reachtaíocht teanga i gcrích.