Tá ráite ag iarcheannaire an UUP gur cheart don BBC briseadh síos a thabhairt ar an gclúdach a rinneadh ar dhá mhórshiúl a reáchtáladh i mBéal Feirste le gairid, ceann a d’eagraigh an tOrd Oráisteach agus ceann eile a d’eagraigh an Dream Dearg ar son cearta teanga.
Tá cáineadh déanta ag Aontachtaithe ar an easpa clúdaigh, dar leo, a rinne an BBC ar mhórshiúl na nOráisteach Dé Sathairn seo caite. Maítear gur tugadh níos mó ama ar an nuacht don mhórshiúl a reáchtáil an Dream Dearg an tseachtain roimhe sin, in ainneoin go raibh slua “i bhfad níos lú” ag an gceann Gaeilge.
Is ag ceiliúradh céad bliain bhunú Thuaisceart Éireann a bhí an mórshiúl a d’eagraigh an tOrd Oráisteach ag an deireadh seachtaine. Dúradh gur ghlac 25,000 duine páirt sa pharáid agus go raibh slua thart ar 100,000 eile i láthair ag féachaint ar na himeachtaí.
Tuairiscíodh go raibh idir 10,000 agus 17,000 i láthair don Lá Dearg a reáchtáladh ar son cearta teanga ar an 21 Bealtaine.
Dúirt Tom Elliott, ar éirigh leis i dtoghchán an Tionóil an mhí seo caite, gur theastaigh míniú uaidh ón BBC maidir leis an gclúdach a thug siad do mhórshiúl an Oird Oráistigh, Dúirt sé go raibh gearáin faighte aige faoin “easpa ama” a thug an craoltóir don ócáid.
Tugadh le fios dó, a dúirt Elliott leis an News Letter, gur thug an BBC “droch-chlúdach” don imeacht ar chláir an stáisiúin tráthnóna agus oíche Dé Sathairn.
“Chonaic [na daoine a rinne gearáin] roinnt míreanna ar BBC TV a léirigh nár fhreastail an líon céanna daoine [ar an Lá Dearg] is a bhí ag ócáid na nOráisteach Dé Sathairn, ná baol air – ach cinneadh clúdach i bhfad níos mó a thabhairt dó sna meáin ná mar a tugadh don imeacht ag na hOráistigh,” a dúirt Elliott.
“Tá súil agam go ndéanfaidh an BBC machnamh air sin.”
Dúirt Elliott go raibh gearán déanta aige cheana leis an BBC maidir le deiseanna cainte a fuair sé in agallaimh ar an raidió agus go rabhthas ábalta teacht ar ais chuige leis na figiúirí a bhí i gceist.
Scríobh Deborah Erskine ón DUP freisin chuig an BBC maidir leis an gclúdach a rinneadh ar an mórshiúl. Dúirt Erskine gur thug RTÉ an oiread céanna clúdaigh, nó níos mó, don ócáid.