Seoladh Leabhar an Ghúim
Seoladh Leabhar an Ghúim
@ Leabharlann Ráth Maonais
SeoladhNa Mairbh a d’Fhill agus An tEitleán doFheicthe le Cathal Ó Sándair.
Is mór againn gurb í Sorcha Ní Mhonacháin ó RTÉ a dhéanfaidh atheagráin den chéad dá leabhar faoin mbleachtaire iomráiteach Réics Carló a sheoladh i Leabharlann Ráth Maonais ar an Déardaoin, 14 Iúil ar 6 p.m.
Má tá fonn ort bheith i láthair beidh fáilte romhat. Cuir scéala chugainn. Táimid ag tnúth go mór bualadh le seanchairde agus aithne a chur ar chairde nua.
Tá thíos nasc chuig www.ainm.ie mar a bhfuil a thuilleadh eolais faoi Chathal Ó Sándair le fáil ann:
https://bit.ly/3a9RooH
Tuilleadh eolais ó angum@forasnagaeilge.ie