Tá os cionn 560 iarratas faighte ag Comhlacht Forbartha Inis Meáin ó theaghlaigh atá ag iarraidh bliain a chaitheamh ar an oileán.
Tá Comhlacht Forbartha Inis Meáin ag tabhairt deis do theaghlach ag a bhfuil gasúir in aois scoile bliain a chaitheamh ar an oileán gan aon chíos a íoc.
An aidhm atá leis an togra ná teaghlach a mhealladh chuig an oileán ionas go mbeadh gasúir nua ag freastal ar an scoil agus chun deis a thabhairt do theaghlach bliain a chaitheamh ar an oileán saor ó chíos.
Thart ar dheichniúr gasúr ag freastal ar an mbunscoil áitiúil agus dhá scór atá ag freastal ar an meánscoil.
Agus é ag caint le Tuairisc an tseachtain seo caite, dúirt Dara Ó Madaoin gur iontach an glacadh a bhí leis an bhfógra cheana féin. 560 iarratas atá faighte anois acu.
Tá ionad G-Teic oscailte ar Inis Meáin le déanaí agus tá leathanbhanda ar fáil d’éinne a bheadh ag iarraidh obair ó chian.
Fostaíodh Dara Ó Madaoin le déanaí mar Bhainisteoir ar Chomhlacht Forbartha Inis Meáin ach tuigtear do Tuairisc go bhfuil sé tar éis glacadh le post eile agus go mbeidh bainisteoir nua á lorg ag an gComhlacht Forbartha gan mhoill.