Rishi Sunak a bheidh ar an gcéad phríomh-aire eile ar an mBreatain agus rás ceannaireachta na dTóraithe buaite aige.
Beidh Sunak, atá 42 bliain d’aois, ar an gcéad Bhriotanach-Áiseach le bheith ina phríomh-aire ar an mBreatain agus is é an duine is óige sa phost é le breis is céad bliain.
Is é freisin an chéad cheannaire Hiondúch agus a cheannaireacht á fógairt ar lá féile mhór na Hiondúch, Díbheálaí nó Féile na Soilse, atá á cheiliúradh inniu.
Is iontach an t-athrú é i scéal Sunak a chaill rás ceannaireachta deireanach na dTóraithe in aghaidh Liz Truss seacht seachtaine ó shin.
Meastar gur amárach a ainmneofar go hoifigiúil é ina phríomh-aire.
Beidh liosta fada dúshlán roimhe, ag áireamh fadhbanna móra eacnamaíochta, géarchéim costas maireachtála, suaitheadh tionsclaíoch agus páirtí atá ina chíor thuathail.
D’éirigh Penny Mordaunt, an t-aon chéile comhraic a bhí ag Sunak as an rás tráthnóna.
Ní dúirt Mordaunt cé acu an raibh nó nach raibh tacaíocht aici ó 100 feisire parlaiminte, líon na bhfeisirí a theastaigh ó iomaitheoir chun dul níos faide sa rás.
Ba í tuairim a comhghleacaithe ná go raibh “gá le cinnteacht inniu”, arsa Mordaunt. Meastar nár éirigh léi an sprioc a bhaint amach agus gur 90 feisire ar a mhéid a bhí meallta aici.
Tagann Rishi Sunak i gcomharbacht ar an iarphríomh-aire, Liz Truss nár chaith ach 45 lá sa gcúram sular éirigh sí as.
Cuirfidh Sunak tús lena thréimhse ceannaireachta tráth a bhfuil an saol in Westminster sách corrach agus cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta ina gcíor thuathail.
Tá Sunak 42 bliain d’aois agus bhí sé sa dara háit i dtoghchán deiridh na ceannaireachta sa samhradh nuair a vótáil baill an pháirtí Chaomhaigh. 81,326 vóta a bhí ag Truss sa toghchán sin agus 60,399 ag Sunak.
Bhí Sunak ina cheannasaí ar an Státchiste i rialtas Boris Johnson ach d’éirigh sé as mar agóid in aghaidh ceannaireacht Johnson, cinneadh a raibh cáineadh go leor á dhéanamh air ina bpáirtí féin ag an am. Sa bhfeachtas deiridh seo chuir Sunak é féin in iúl mar iarrthóir nach ngabhfadh anonn ná anall leis an bhfírinne faoin drochbhail atá ar chúrsaí airgeadais na Breataine.
D’áitigh sé gurb é an chéad rud a bhí le déanamh ná an boilsciú a chur faoi smacht agus nach raibh sna geallúintí a bhí ag Truss agus iarrthóirí eile go laghdóidís cánacha ar an toirt ach “finscéalta”.
Chruthaigh an chaoi ar thit an tóin as sterling chomh luath agus a thug Truss agus Kwasi Kwarteng isteach an mionbhuiséad inar gearradh cánacha gan aon mhaoiniú do na ciorruithe sin a bheith á lua, go raibh an ceart ag Sunak. Chruthaigh polasaithe Truss cíor thuathail láithreach sna margaí an mhí seo caite.
Ar a thoghadh ina Phríomh-Aire mí Iúil 2019, cheap Boris Johnson Rishi Sunak ina Ardrúnaí ar an Státchiste. Mí Feabhra 2020 ceapadh ina Sheansailéir é agus ba é a bhí ar an stiúir sa lag trá eacnamaíochta a spreag paindéim an choróinvíris.
Caomhach den seandéanamh é Sunak, cáin íseal agus an státchóras agus a fhreagrachtaí a choinneáil beag, ach b’éigean an port sin a leasú le linn na paindéime agus na billiúin punt a chur ar fáil ón státchiste le teacht i gcabhair ar ghnóthaí agus oibrithe a bhí buailte go dona ag Covid-19.
Cáineadh go géar é le bliain agus é á chur ina leith gur támáilte go maith a bhí sé ag déileáil leis an ngéarchéim costas maireachtála sa mBreatain. Níor chuidigh sé lena cháil ach an oiread nuair a chuir na póilíní fíneáil air mar gur fhreastail sé ar chóisir i Sráid Downing Meitheamh 2020, tráth a raibh an dianghlasáil curtha i bhfeidhm ag an rialtas.
Cáineadh freisin é nuair a tháinig sé chun solais gur sheachain a bhean, Akshata Murthy, cáin a íoc ar an ioncam a shaothraigh sí thar lear.
Chuir Sunak colg ar go leor sa bPáirtí Caomhach níos túisce i mbliana nuair a d’éirigh sé as a phost, cúl le cine dar leosan. Lean plód feisirí eile a shampla, rud nár fhág aon rogha ag Boris Johnson ach géilleadh do na héilimh ar fad go n-éireodh sé as a phost.
I 1980 a rugadh Sunak in Southampton. De shliocht Puinseábach a thuismitheoirí. Dochtúir teaghlaigh ab ea a athair agus bhí cógaslann ag a mháthair, gnó a thug cleachtadh don mhac ar an leabharchoimeád ina óige.
Chuaigh sé ar scoil phríobháideach, Winchester College, áit a raibh sé ina phríomhcheannaire. Fealsúnacht, polaitíocht agus eacnamaíocht an chéim a fuair sé in Ollscoil Oxford agus chuaigh sé ansin go hOllscoil Stanford in California mar ar bhain sé céim MBA amach. Is i Stanford freisin a bhuail sé lena bhean chéile, Akshata Murty, iníon le Narayana Murthy, an séú duine is saibhre san India.
Rinne Sunak go maith i gcúrsaí airgeadais, chaith sé le tamall le Goldman Sachs agus tamall ina bhainisteoir ar chistí fálaithe. Bhí a shaibhreas déanta aige agus gan é ach sna luath-thríochaidí nuair a shocraigh sé tabhairt faoi chúrsaí polaitíochta.
In 2014 roghnaíodh é mar iarrthóir do shuíochán Caomhach an-sábháilte i Richmond i Yorkshire Thuaidh agus toghadh é sa suíochán sin in 2015, in ionad William Hague, iarcheannaire ar an bpáirtí Caomhach.
Sa reifreann ar an mBreatimeacht in 2016, vótáil Sunak ar son imeacht as an Aontas Eorpach.