Tá cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord TG4.
Thug an Rialtas a mbeannacht do cheapachán Uí Ghallachair agus triúr eile ar bhord an stáisiúin inniu.
Tiocfaidh deireadh le tréimhse Anna Ní Ghallachair mar chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta ar an 15 Eanáir seo chugainn.
Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Shiún Uí Raghallaigh mar chathaoirleach ar bhord TG4. Ceapadh Siún Ní Raghallaigh ina cathaoirleach Údarás RTÉ ag an gcruinniú rialtais céanna ar maidin.
Chomh maith le bheith ina cathaoirleach ar Bhord TG4 bhí Siún Ní Raghallaigh ar dhuine den mheitheal a bhunaigh an stáisiún.
Is iad an triúr eile atá le ceapadh ar Bord TG4 ná Seán Ó Cuirreáin, an t-iarchoimisinéir teanga, Róisín Ní Ráighne, stiúrthóir bainistíochta ag Dynamo Brand agus Aedín Ó Leary, comhairleoir agus saineolaí airgeadais.
Athcheapadh inniu triúr eile ar an mbord do thréimhse ceithre bliana eile – Mairéad Ní Nuadháin, colúnaí le Tuairisc, Siobhán Ní Ghadhra, Acadamh an Atlantaigh, Darach Ó Tuairisg, Fíbín.
Cúig fholúntas a bhí ar Bhord TG4 ó earrach na bliana seo caite nuair a tháinig deireadh le tréimhse cúigear, an t-iarcathaoirleach Siún Ní Raghallaigh, Des Geraghty, Michelle Ní Chróinín, Mairéad Ní Cheoinín agus Micheál Seoighe.
Tá folúntas amháin eile fós le líonadh.
10 comhalta a bhíonn ar Bhord TG4 in éineacht leis an Ardstiúrthóir agus ionadaí foirne.
Is é Seán Ó Domhnaill ionadaí fhoireann TG4 ar an mBord.
Athcheapadh na comhaltaí Frank Reidy agus Bríd Ní Fhachtna ar an mbord in 2020.