Ní bheidh an Teachta Dála de chuid Fhine i gCiarraí, Brendan Griffin, san iomaíocht sa chéad toghchán eile.
Chuir Griffin an méid sin in iúl do bhaill a pháirtí i litir a seoladh aréir.
Dúirt sé go ndein sé dianmhachnamh ar an scéal i dteannta a muintire.
“Tá sé simplí go maith. Tá beirt mhac óg agus ba mhaith liom a bheith timpeall níos minice do na blianta atá fágtha dá n-óige.
“Ní foláir a bheith tiomanta go hiomlán don pholaitíocht agus slí bheatha í a chaitheann tú go leor ama a chaitheamh léi agus an-aird a thabhairt uirthi i gcónaí.”
As Caisleán na Mainge do Bhrendan Griffin, atá 40 bliain d’aois, agus thug sé trí bliana ina chomhairleoir contae do thoghcheantar an Daingin sular toghadh chun na Dála é den chéad uair in 2011.
Tá líofacht áirithe sa Ghaeilge aige agus labhair sé ar Raidió na Gaeltachta í ó am go chéile, go háirithe agus é ag trácht ar chúrsaí a bhain le Gaeltacht Chorca Dhuibhne.
Bhí sé ina aire stáit sa roinn spóirt agus turasóireachta idir 2017-2020 agus bhí sé ina leas-phríomh-aoire ag an Rialtas idir 2017 agus 2020.
Bhí sé luaite go láidir le post an phríomh-aoire le déanaí agus tuairiscíodh go raibh díomá air nár roghnaíodh é nuair a deineadh atheagar ar an gcomhaireacht.
De réir tuairiscí, dhiúltaigh sé do phost mar aire stáit.