Muintir na hÉireann is mó atá sásta leis an tslí a oibríonn an daonlathas san Aontas Eorpach, de réir suirbhé nua.
De réir an tsuirbhé faoi chúrsaí daonlathais agus toghcháin, a rinne Eurobarometer do Pharlaimint na hEorpa, 82% de dhaoine in Éirinn atá sásta leis an daonlathas san AE.
B’in an leibhéal sástachta is airde i measc 27 ballstát an AE agus céatadán a bhí cuid mhaith níos airde ná an tír a bhí sa dara háit, Lucsamburg (73%). Ar an meán 54% de shaoránaigh an AE a bhí sásta leis an tslí a oibríonn an daonlathas san AE.
74% de mhuintir na hÉireann a deir go mbíonn tionchar ar a saol ó lá go lá ag beartais an AE, céatadán níos airde ná an meán, 71%.
Ba é an gníomh de chuid an AE is mó atá muintir na hÉireann sásta leis ná tacaíocht an Aontais don Úcráin. 87% de rannpháirtithe na hÉireann sa suirbhé a dúirt go raibh siad sásta le tacaíocht an AE don Úcráin, rud a d’fhág go raibh Éire sa dara háit i ndiaidh na hÍsiltíre. 67% de shaoránaigh an AE go léir a bhí sásta le tacaíocht an Aontais don Úcráin.
Ar na beartais ba lú a raibh daoine sásta leo bhí margadh Glas an AE. 69% de mhuintir na hÉireann a bhí sásta faoina bhfuil ar siúl ag an AE chun a sprioc a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach. Níl ach 47% de shaoránaigh an AE sásta faoin bpolasaí áirithe sin.
Bhí Éire sa chéad áit fad is a bhain sé le céatadán na ndaoine a chreid go raibh an tAE ag dul sa treo ceart – 49%.
Dúirt 66% de na daoine as Éirinn a d’fhreagair na ceisteanna go raibh suim acu sna toghcháin Eorpacha a reáchtálfar an samhradh seo chugainn. D’fhág sin Éire sa dara háit san AE go léir ó thaobh chéatadán na ndaoine a dúirt go raibh spéis acu sna toghcháin agus gan chun cinn ar Éirinn ach an Ísiltír (75%).
Ar an meán, 56% de shaoránaigh an AE a dúirt go raibh suim acu i dtoghcháin na bliana seo chugainn, i gcomparáid le 50% roimh na toghcháin dheireanacha.
67% de shaoránaigh an AE a dúirt gur dócha go gcaithfidh siad vóta i dtoghcháin 2024, i gcomparáid le 58% a dúirt amhlaidh in 2018.
An daonlathas an bunluach ba mhó a theastaigh ó dhaoine go ndéanfaí é a chosaint, de réir an tsuirbhé. Nuair a ceistíodh daoine faoi chosaint bhunluachanna an AE, luaigh 37% díobh an daonlathas.
Thug móramh san AE le fios go raibh siad sásta le seacht gcinn de dheich gcinn de ghnéithe an daonlathais.
In Éirinn, thug 83% go raibh siad sásta fad is a bhain sé le toghcháin saor agus cothrom san AE, i gcomparáid le 70% ar an meán.
81% de rannpháirtithe na hÉireann a thug le fios go raibh siad sásta leis an tslí a gcaitear le saoirse cainte san AE, i gcomparáid le 70% ar an meán. Maidir le meas a léiriú ar chearta bunúsacha bhí 81% de rannpháirtithe na hÉireann sásta lena bhfuil á dhéanamh, i gcomparáid le 66% de shaoránaigh an AE ar an meán.