Tá deontais le cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do cheardaithe ar mhaith leo a bheith ag obair in earnáil an fhuinnimh inathnuaite.
Tá sé fógartha ag an Údarás go bhfuil tús le cur le scéim phíolótach faoina gcuirfear deontas suas le €2,000 ar fáil do cheardaithe agus do ghairmithe eile ón nGaeltacht chun cuidiú leo uasdátú a dhéanamh ar a gcuid scileanna nó scileanna nua a fhoghlaim mar a bhaineann siad le caomhnú fuinnimh nó teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite.
Ciste €50,000 san iomlán a bheidh ar fáil don scéim nua ‘Glasoiliúint’, atá á reáchtáil ar bhonn píolótach ar dtús.
Deir an tÚdarás go bhfuil éileamh an-mhór ar dhaoine le leictreoirí, pluiméirí, innealtóirí agus ailtirí agus tógálaithe in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite. Deirtear gurb í aidhm na scéime ná breis oiliúna a chur ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh dul ag obair san earnáil sin.
“Aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus an gá atá leis an lorg carbóin a ísliú chun an dlús atá faoin téamh domhanda a laghdú,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltacht.
Dúirt sé go bhfuil ‘An Ghaeltacht Ghlas’ aitheanta ag an Údarás mar bhealach a bhféadfaí cur le cúrsaí fostaíochta agus eacnamaíochta sa Ghaeltacht.
Agus infheistíocht á déanamh i dtuirbíní gaoithe amach ó chósta na Gaeltachta i láthair na huaire, tá borradh faoin earnáil fuinnimh inathnuaite.
“Teastaíonn deiseanna breise oiliúna agus traenála ó mhuintir na Gaeltachta má tá siad le hiad féin a chur in oiriúint do na hathruithe atá ag tarlú,” a dúirt Ó Síocháin. “Tá muid sásta go gcuirfidh an scéim phíolótach seo na deiseanna sin ar fáil. “
Faoin scéim cuirfear suas le €2,000 do dhaoine le cur i dtreo táillí teagaisc agus costais taistil (más gá) do chúrsaí aitheanta. Beidh sé mar choinníoll leis an deontas go mbeidh aon ghnó a fhaigheann tacaíocht faoin scéim seo lonnaithe sa Ghaeltacht.