Tá breis agus 5,000 páiste aitheanta go hoifigiúil mar dhaoine gan dídeán i mBéal Feirste amháin, agus is in Iarthar Bhéal Feirste atá níos mó ná 2,000 acu.
Tá an t-eagras PPR (Participation and the Practice of Rights) i mbun feachtas tábhachtach darb ainm ‘Take Back They City’ ina bhfuiltear ag iarraidh ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste plean a chur i bhfeidhm le tithe a thógáil ar sheansuíomh an chomhlachta Mackie’s. Is talamh poiblí mór fairsing é an suíomh ach tá sé folamh le 20 bliain anuas, sa cheantar ina bhfuil an ghéarchéim thithíochta is measa ó thuaidh.
Tá achainí ar son an fheachtais ar siúl faoi láthair agus is féidir guth s’agat a chur in iúl anseo, sula a gcuireann an grúpa feachtasaíochta an plean foirmeálta ar aghaidh chuig Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.