Deir an Coimisiún Eorpach “nach bhfuil aon fhianaise ann” gur bhain gníomhaithe atá i bhfad amach ar an eite dheis úsáid as an nGaeilge chun an dallamullóg a chur ar mhaoirseoirí na meán sóisialta le linn na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.
Tuairiscíodh le cúpla lá anuas go raibh imní ar dhaoine sa Choimisiún Eorpach go raibh fuathchaint á scaipeadh ar líne i nGaeilge in iarracht teacht i dtír ar an easpa modhnóirí le Gaeilge a bhíonn ag obair le leithéidí Facebook, YouTube, X (Twitter mar a bhí) Instagram agus Tik-Tok.
Ach deir urlabhraí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh nach bhfuil aon fhianaise ann gur baineadh úsáid as an nGaeilge chun fuath nó ábhar mídhleathach a scaipeadh ar na meáin shóisialta le linn na gcíréibeacha a tharla i mBaile Átha Cliath Déardaoin seo caite.
“Níl aon fhianaise ann gur tharla sé seo ach tá sé á fhiosrú i láthair na huaire,” a dúirt Johannes Bahrke ón gCoimisiún Eorpach agus é ag labhairt ar Morning Ireland ar RTÉ Radio 1.
Dúirt Bahrke go bhféadfadh easpa modhnóirí leis na scileanna teanga cuí fadhbanna a chruthú amach anseo.
“An pointe atá ann ná go gcruthaíonn tú laige i d’ardán mura bhfuil agat ach duine amháin a labhraíonn an teanga sin. Ní eolas ar an teanga amháin atá ag teastáil, tá eolas ar an gcomhthéacs cultúrtha ag teastáil chomh maith chun a bheith i do mhodhnóir inneachair éifeachtach.”
Dúirt Bahrke go raibh Meta, ar leo Facebook agus Instagram, “i bhfad níos ullmhaithe” le dul i ngleic le haon iarracht fuathchaint a scaipeadh i nGaeilge toisc go raibh 42 modhnóir le Gaeilge fostaithe ag an gcomhlacht. Meastar go bhfuil fadhb go háirithe maidir le heaspa Gaeilgeoirí ag X agus Google, ar leo YouTube.
I ráiteas a chuir Coimisiún an Meán ar fáil do Tuairisc, dúradh go raibh sé róluath a rá ar baineadh mí-úsáid as an nGaeilge chun fuathchaint a scaipeadh ar líne le linn na gcíbréibeacha i mBaile Átha Cliath.
“Tá Coimisiún na Meán fós ag bailiú eolais ó na hardáin faoi eachtraí na seachtaine seo caite agus, mar gheall air sin, tá sé róluath a rá an bhfuil deacracht ann maidir le hábhar Gaeilge,” a dúirt an t-urlabhraí.
Dúradh go bhfuil Coimisiún an Meán ag éileamh ar na hardáin uile srian a chur ar ábhar a bhíonn dírithe ar bhréagaisnéis agus fuath a scaipeadh nó a spreagann coireacht.
Dheimhnigh An Garda Síochána do Tuairisc go rabhthas i mbun fiosruithe maidir le roinnt teachtaireachtaí a scaipeadh ar an meáin shóisialta ach dhiúltaigh siad a dheimhniú an raibh aon ábhar i nGaeilge i gceist.
I ndiaidh na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath, bhí Éire ar an gcéad bhallstát de chuid an AE a bhain leas as ‘foláireamh’ nua faoin bhfuathchaint ar líne, beart a cheadaigh don Choimisiún Eorpach teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na comhlachtaí móra meán sóisialta.
Faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha leagtar dualgais níos déine ar na hardáin mhóra i dtaca le caint agus ábhar ar líne a dhéanann dochar do dhaoine nó a spreagann daoine chun dochar a dhéanamh.