Chinn ar pholaiteoirí i dTuaisceart Éireann Ceann Comhairle a thoghadh in Stormont inniu, an seachtú hiarracht atá déanta acu ó thoghchán mhí an Mheithimh anuraidh an Tionól a chur ag feidhmiú arís.
Ainmníodh Patsy McGlone ó Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre [SDLP] agus Mike Nesbitt ó Pháirtí Aontachtach Uladh [UUP] don chúram ach toisc nach rabhthas ábalta tromlach trasphobail a fháil do cheachtar fear, ní fhéadfaí dul ar aghaidh le hobair an Tionóil.
Dúirt Sinn Féin mura n-athródh Jeffrey Donaldson, ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh [DUP], a chur chuige go bhféadfadh sé tarlú gurb é an lá inniu an lá deiridh ag Tionól Stormont.
Dúirt Michelle O’Neill, Leas-Uachtarán Shinn Féin, go raibh an DUP ag diúltú a gcuid oibre a dhéanamh agus gur mór é a faitíos go bhfuil “institiúidí daonlathacha Chomhaontú Aoine an Chéasta i mbaol an-mhór”.
Thit an tóin as an Tionól i dtús na bliana 2022 nuair a chinn an DUP baghcat a dhéanamh air mar agóid in aghaidh na rialacha trádála a tugadh isteach ó thuaidh den teorainn de bharr an Bhreatimeachta.
D’áitigh Michelle O’Neill inniu go raibh na ceisteanna sin réitithe anois.
“Le dhá bhliain anois táthar á rá linn gurbh é Prótacal an Bhreatimeachta ba bhonn lena mbaghcat.
“Rinne Príomh-Aire na Breataine athphlé ar na socruithe sin agus de bharr tuilleadh idirbheartaíochta leis an Aontas Eorpach thángthas ar chomhréiteach, Creat Windsor. Tar éis sin uilig ní raibh meas madra ag an DUP air.
“Tá dochar déanta abhus anseo ag an éiginnteacht eacnamaíochta a chothaigh an diúltú sin, chomh maith le míshocracht pholaitiúil.”
Creideann Michelle O’Neill nach bhfuil seasamh dá laghad fanta anois ag an argóint gur mar gheall ar Chreat Windsor atá an DUP ag déanamh baghcat ar an Tionól.
“Is beag duine amuigh ansin a bhfuil a fhios acu céard faoi a bhfuil an DUP ag caint, agus is lú fós na daoine gur cuma leo faoi mar nach bhfuil sé ar son leas an phobail.
“Is iad na rudaí atá tábhachtach ná an cruatan agus an fhulaingt, gnáthcheisteanna an lae ag oibrithe, ag teaghlaigh, ag líonta tí agus ag gnóthaí agus sin iad na rudaí céanna a ndiúltaíonn an DUP díriú orthu.
“Níl ach míniú amháin eile ar bhaghcat an DUP agus is é sin go ndiúltaíonn siad glacadh le Céad-Aire Náisiúnach.”
Níos túisce inniu dúirt Robbie Butler ón UUP gur dóigh leis féin gur dream beag Feisirí Parlaiminte [MP] agus Tiarnaí is siocair le “bac” an DUP, daoine “atá i bhfad ar shiúl ón tionchar atá aige [easpa Tionóil] ar sheirbhísí poiblí agus ar shaol an phobail anseo”.