Deir an tAire Stáit Jack Chambers nach mbeidh an Rialtas in ann iallach a chur ar an gcomhlacht atá ag plé leis an chóras Eircode a chinntiú go mbainfear úsáid as logainmneacha Gaeilge sa Ghaeltacht go ceann trí bliana eile ar a laghad.
Tá an fhaillí a dhéanann an córas i leith na Gaeilge á fiosrú le fada ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus bhí an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i láthair ag cruinniú de chuid an choiste i dTeach Laighean inné chun an scéal a phlé.
Cé go bhfuil aird tarraingthe ar an bhfadhb le fada, aontaíodh anuraidh síneadh trí bliana a chur leis an gconradh atá idir an Roinn agus an comhlacht príobháideach, Capita Business Support Services Ireland, a chuireann an córas ar fáil.
Dúirt Chambers nach bhféadfaí aon choinníollacha a cheangal leis an síneadh trí bliana seachas an méid a bhí sa bhunchonradh a aontaíodh breis is deich mbliana ó shin.
Thug sé le fios go mbeidh sé de rogha ag an Rialtas síneadh dhá bhliain eile a chur leis an gconradh le Capita in 2026 ach go raibh súil aige go mbeadh réiteach na faidhbe ann faoin tráth sin.
Tá úsáid leaganacha neamhoifigiúla Béarla de sheoltaí ina hábhar gearáin ag muintir na Gaeltachta ó tugadh isteach an córas Eircode agus chinn an Coimisinéir Teanga gur sárú dlí a bhí i gceist le húsáid na leaganacha Béarla sa Ghaeltacht.
D’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tuarascáil an fómhar seo caite inar moladh gan síneadh a chur leis an gconradh le Capita, a aontaíodh ar dtús in 2013, go dtí go raibh deis ag comhaltaí an choiste an scéal a phlé tuilleadh leis an Aire Stáit. Fógraíodh sa bhfómhar, áfach, go raibh sé i gceist ag an Rialtas síneadh a chur leis an gconradh.
Dúirt Chambers go bhféadfadh go mbeadh deis ann coinníoll maidir leis na logainmneacha Gaeltachta a aontú mar chuid d’aon síneadh eile a chuirfí leis an gconradh in 2026. Níor thug an tAire Stáit aon mhíniú, áfach, ar cén chaoi go mbeadh an Rialtas in ann coinníollacha a cheangal le síneadh eile ar an gconradh nuair nach raibh siad in ann aon athrú a dhéanamh sa síneadh trí bliana a aontaíodh anuraidh.
Níor ghlac an tAire Stáit leis go raibh an Roinn ag sárú an dlí i gcás Eircode agus mhaígh sé go raibh comhairle faighte acu go raibh “na socruithe riachtanacha” curtha i bhfeidhm aici chun cloí leis an reachtaíocht.
Dúirt Chambers gur mhian leis an fhadhb a réiteach ionas go mbeadh “an conradh agus na cearta do dhaoine sa Ghaeltacht i bhfad níos fearr”.
Thug sé le fios nach mbeadh sé sásta síneadh eile a chur leis an gconradh le Capita in 2026 mura mbeadh ceist na logainmneacha Gaeilge réitithe agus go mbeadh dualgas ar an Rialtas comórtas nua a chur ar bun dá mbeadh an fhadhb fós ann.
Mhaígh an tAire Stáit go raibh oifigigh sa Roinn Cumarsáide i mbun oibre cheana féin ar theacht ar bhealaí a bhféadfaí an fhadhb leis an nGaeilge a leigheas. Dúirt sé go raibh bunachar seoltaí An Post á uasghrádú agus obair ar bun gach seoladh a aistriú go Gaeilge.
Dúirt oifigeach sa Roinn go raibh 3,700 seoladh sa Ghaeltacht aistrithe go Gaeilge i mbunachar An Post le bliain anuas agus go raibh beagnach 94% de na seoltaí “aistrithe go hiomlán go Gaeilge”. Baintear úsáid as an mbunachar sin don chóras Eircode ansin, a dúirt sé.
Tá ráite ag An Post cheana nach bhféadfaí an leagan Béarla de sheoltaí Gaeltachta a bhaint dá mbunachar sonraí mar “go dteastaíonn sé le cruinnseachadadh litreacha” a chinntiú.
Chuir an Coimisinéir Teanga tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoin ábhar mí Mheán Fómhair 2021 inar dhúirt sé go dtiteann an dualgas reachtúil i gcás na seoltaí ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide seachas ar Eircode féin ná ar An Post, a dháil na héirchóid.