Deir Sinn Féin go bhfuil teip an Rialtais maidir lena ngealltanais i dtaobh na an ghaeloideachais “tubaisteach”.
Cháin urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, cur chuige Fhine Gael, Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais i leith an oideachais lán-Ghaeilge agus dúirt sé nach bhfuil “aon leithscéal” ann don easpa scoileanna lán-Ghaeilge nua a tógadh ó tháinig an comhrialtas i gcumhacht.
Tá sé mar sprioc sa chlár rialtais, a foilsíodh in 2020, go ndéanfaí líon na ndaoine óga i scoileanna Gaeilge a dhúbailt. In 2020, bhí 58,717 dalta ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge, idir bhunleibhéal agus dara leibhéal. Don scoilbhliain 2022-23, bhí an figiúr sin tite go dtí 57,777. Tá an fás a bhí ag teacht ar chéatadán na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge stoptha ó tháinig an rialtas seo i gcumhacht chomh maith agus an figiúr tite ó 6.3% in 2019-2020 go dtí 6.1% i 2022-23.
Mar fhreagra ar cheist ó Tuairisc faoin dul chun cinn a bhí déanta i dtaca leis an sprioc faoi líon na ndaltaí a bhíonn ag fáil oideachas lán-Ghaeilge a bhaint amach, dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais go bhfuil obair ar bun ar an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Dúirt an t-urlabhraí go mbeidh ardú ar an sciar páistí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge mar sprioc sa pholasaí sin.
Dúradh freisin go bhfuil infheistíocht á déanamh i gcónaí ag an Roinn ag i ngaelscoileanna nua. Dúradh go bunaíodh trí ghaelscoil nua in 2021 agus gur bunaíodh gaelcholáiste nua in 2020 nuair a rinneadh iarbhunscoil neamhspleách d’aonad Gaeilge a bhí ag feidhmiú i scoil Bhéarla.
Geallúint eile a bhí sa chlár rialtais go gcuirfí gaelscoileanna agus gaelcholáistí in áiteanna a bhfuil éileamh mór ar a leithéid, ach tá cáineadh déanta freisin ar an easpa soláthair i dtaobh an oideachais lán-Ghaeilge.
Faoi láthair, tá feachtais ar bun i sé cheantar ar fud na tíre chun iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a thógáil. Táthar ag iarraidh gaelcholáistí nua chun freastal ar cheantair BÁC 2, 4, 6, 8, ar Choill na Silíní agus ar Shord i mBaile Átha Cliath, i gCaisleán an Bharraigh i Maigh Eo, sa Tulach Mhór in Uíbh Fhailí agus i ndeisceart chontae na Mí.
“Bun agus barr na faidhbe ná nach bhfuil sé mar polasaí ag an Roinn gníomhú de réir a mbriathra maidir leis an ngeallúint an soláthar a dhúbailt.
“Níl ann ach moilleadóireacht. Ní gá fanacht ar a thuilleadh imscrúduithe nó tuarascálacha, tá éileamh ann nach bhfuil á shásamh, tá a fhios ag gach duine sin,” a deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.
“Tá suíomhanna ann ina bhféadfaí bogadh chun Gaelscoil nó Gaelcholáiste a bhunú, ach níl aon dul chun cinn déanta. Tá sé tubaisteach in áit dul chun cinn go bhfuil cúlú le feiceáil.”
Geallúint amháin a rinneadh sa chlár rialtais atá comhlíonta ná tacaíocht bhreise a thabhairt don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Buiséad os cionn €3 milliún a bheidh ag an eagraíocht sin in 2024.
Mhaígh an Tánaiste Micheál Martin ag Ard-Fheis Fhianna Fáil ag an deireadh seachtaine go raibh an tacaíocht a chuirtear ar fáil don oideachas lán-Ghaeilge á mhéadú de shíor ag Fianna Fáil le cúig bliana anuas.