Tá sé curtha i leith Fhianna Fáil agus Fine Gael go bhfuil “neamhaird” á déanamh acu ar phobal na Gaeltachta agus bileoga toghcháin scaipthe i mBéarla amháin acu arís eile sa Ghaeltacht.
In 2019, roimh an olltoghchán deiridh, ghabh an dá pháirtí leithscéal as ábhar bolscaireachta a scaipeadh i mBéarla amháin sa Ghaeltacht agus gheall siad nach dtarlódh a leithéid arís.
Ach is léir ó chuid den ábhar bolscaireachta aonteangach a scaip an dá pháirtí ar mhuintir Ghaeltacht Chonamara an tseachtain seo nach bhfuil a ngealltanais á gcomhlíonadh acu.
Agus tús á chur le feachtais na bpáirtithe do na toghcháin ar an 7 Meitheamh, scaip Fine Gael ar theaghaigh i nGaeltacht Chonamara an tseachtain seo bileog i mBéarla amháin do na hiarrthóirí sna toghcháin Eorpacha, Maria Walsh agus Nina Carberry.
Níl focal Gaeilge ar an bhileog a bhfuil teachtaireacht ón Taoiseach Simon Harris uirthi chomh maith. Bhí triúr iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghlach Lár Tíre- an tIarthuaisceart le feiceáil ar bhileog eile i mBéarla a scaipeadh sa Ghaeltacht.
Bileog do Dharagh Ó Tuairisg, iarrthóir de chuid Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla, a bhí I gceist ansin agus ‘A Chara’ an t-aon Ghaeilge a bhí uirthi.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur “cúis mhór frustrachais” atá ann go bhfuil ábhar i mBéarla amháin á scaipeadh sa Ghaeltacht faoi iarrthóirí atá ag seasamh sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla.
Dúirt de Spáinn gur léir nach bhfuil aon athrú tagtha ar scéal a bhfuiltear ag plé leis le fada an lá.
“Ba chóir go mbeadh na páirtithe polaitíochta ag freastal ar an phobal ar fad. Ba chóir go mbeadh ábhar dátheangach ag dul amach chuig muintir na tíre ar fad agus go mbeadh ábhar i nGaeilge agus Béarla á scaipeadh sa Ghaeltacht. Níl, agus is cúis mhór frustrachais é sin.
“Tá na páirtithe sásta go bhfuil ar an státchóras freastal ar phobal na Gaeilge trí Ghaeilge ach nuair a thagann sé chuig na páirtithe polaitíochta féin níl siad sásta cumarsáid a dhéanamh le daoine i nGaeilge agus is léir go gceapann siad nach bhfuil aon dualgas morálta orthu fiú é sin a dhéanamh,” a dúirt de Spáinn.
Bhain conspóid mhór leis na bileoga Béarla amháin a scaipeadh sa Ghaeltachta roimh an toghchán Eorpach deiridh in 2019.
Dúirt an t-iarAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, Seanadóir de chuid Fine Gael, go raibh sé chun scrúdú a dhéanamh ar an dlí teanga a leasú chun a chinntiú nach dtarlóidh sé arís go scaipfí bileoga toghcháin i mBéarla amháin sa Ghaeltacht.
Dúirt Kyne ag an am gur “cúis aiféala” a bhí ann dó go raibh Fine Gael ar na páirtithe a scaip bileoga Béarla sa Ghaeltacht agus go raibh gá le dualgas reachtúil a leagan ar pháirtithe na bileoga toghcháin a bheith dátheangach, ar a laghad, sa Ghaeltacht feasta.
Bhí Thomas Byrne, Aire Stáit na Gaeltachta, ina stiúrthóir toghchán ag Fianna Fáil in 2019 agus dúirt sé ag an am nach raibh sé “ceart ná cóir” ag an bpáirtí bileoga toghcháin a bhí i mBéarla amháin a scaipeadh sa Ghaeltacht.
Dúirt sé go nglacfadh sé le hathrú sa dlí chun a chinntiú go mbeadh na bileoga dátheangach feasta dá gceapfaí go mbeadh gá lena leithéid, ach bhí imní air go dtógfadh a leithéid rófhada.
Faoi láthair, níl aon dualgas reachtúil ar pháirtithe polaitíochta bileoga a scaipeadh ar mhuintir na Gaeltachta ná ar chainteoirí Gaeilge i nGaeilge.
Dúirt de Spáinn go bhfuil “ceist ann” ar gá í a fhiosrú.
“Faigheann páirtithe airgead stáit agus is ceist í ar gá breathnú uirthi i gceart. Ba chóir go mbeadh dualgas orthu. Tá polaiteoirí áirithe a chuireann bileoga amach sa dá theanga ach ó thaobh cur chuige na bpáirtithe, ní fhaca mé aon pháirtí á dhéanamh mar is cóir,” a dúirt de Spáinn.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar an Aire Stáit Gaeltachta, Thomas Byrne, agus ar pháirtí Fhine Gael faoin scéal.