Má tá tú ag iarraidh a bheith i d’iriseoir i seomra nuachta Gaeilge RTÉ caithfidh tú a bheith sásta obair i mBéarla ó am go chéile, ach má tá an post céanna uait i seomra nuachta an Bhéarla cuirfear fáilte romhat fiú mura bhfuil agat ach “dearcadh dearfach” i leith na Gaeilge.
Deir iar-aire Gaeltachta gur “áiféis” é go bhfuil difríocht shuntasach ann ó thaobh cúrsaí teanga sna cáilíochtaí atá luaite le folúntais d’iriseoirí atá á bhfógairt ag RTÉ faoi láthair.
Poist d’iriseoirí ilmheán atá i gceist sa dá chás, ceann d’iriseoir a bheadh ag obair trí Bhéarla ar RTÉ Radio 1 agus ceann do dhaoine a rachadh ar phainéal iriseoirí do nuacht na Gaeilge.
Mar a chéile atá an scála pá agus na cúraimí agus na cáilíochtaí atá luaite leis an dá phost, seachas difríocht mhór amháin.
Sa chur síos ar phost an iriseora Gaeilge, deir RTÉ, ‘Ó am go chéile, is féidir go mbeidh dualgas ann freisin craoladh i mBéarla do sheirbhísí eile RTÉ.’
Ach níl an Ghaeilge luaite fiú mar bhuntáiste don phost trí Bhéarla, áit a ndeirtear, sa dá theanga, ‘Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine go bhfuil dearcadh dearfach [‘positive outlook’] acu i leith na Gaeilge.’
“Tá sé áiféiseach ar fad,” a deir Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta.
“Tá dearcadh an-dearfach agamsa i leith teanga mhuintir Neipeal. Tá sí thar cionn uilig. Tá an-chion agam uirthi. Níl focal Neipeailise agam ná aon eolas agam uirthi ach nach cuma?
“Sin go bunúsach atá siad a rá faoin nGaeilge. Ach nuair a thagann sé go dtí an cainteoir Gaeilge tá pionós á ghearradh airsean as a bheith níos cáilithe ná an Béarlóir, as a bheith dátheangach.”
Deir Ó Cuív gur chóir nach mbeadh ar aon duine atá cáilithe le cur isteach ar phost na Gaeilge ach foirm iarratais amháin a líonadh le cur isteach ar an dá phost.
“Déarfainnse sa chás seo gur chóir go mbeadh an cainteoir Gaeilge cáilithe go huathoibríoch le cur isteach ar an dá phost agus nach mbeadh air ach foirm iarratais amháin a líonadh má tá sé ag iarraidh sin a dhéanamh. Caithfimid éirí as an rud seo, é a dhéanamh níos éasca don duine nach bhfuil ach Béarla amháin aige agus buntáiste a thabhairt don té a bhfuil cáilíocht bhreise an dátheangachais aige.”
Dúirt urlabhraí ó RTÉ “go dtapaíonn RTÉ gach deis dá dtagann chun iarratais a lorg ó iarrthóirí atá líofa sa Ghaeilge” agus dá bharr sin go luaitear líofacht sa Ghaeilge i gcás gach folúntais.
Dúradh chomh maith, áfach, go dtarlaíonn sé go gcuirtear fógraí folúntais in “oiriúint do na riachtanais ar leith a bheadh ag foireann ar leith ag am ar leith”.
Chuir Tuairisc ceist ar RTÉ chomh maith faoi cad a bhí i gceist acu le ‘a positive attitude to the Irish language’ agus cén fáth go mbeadh a leithéid de dhearcadh ag teastáil ó iriseoir, go háirithe iriseoir a bheadh ag obair trí Bhéarla amháin. Níor freagraíodh an cheist sin.