Tá líon na dteaghlach sa Ghaeltacht ag fás níos sciobtha ná líon na dtithe, de réir taighde nua.
Deritear sa taighde nua a rinne an Dr Séin Ó Muineacháin, eacnamaí, d’Údarás na Gaeltachta gurb é an cineál teaghlaigh is coitianta sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann ná teaghlaigh ina bhfuil ar a laghad páiste fásta amháin fós ina chónaí sa bhaile.
Léiríonn an taighde, a fhoilseofar inniu, go bhfuil an céatadán de thithe saoire sa Ghaeltacht cúig oiread níos mó ná mar atá sa chuid eile den stát.
Teach folamh os cionn ceann de gach 10 dteach sa Ghaeltacht, rud a fhágann go bhfuil an céatadán de thithe folmha sa Ghaeltacht – 11% – níos airde ná an céatadán náisiúnta –8%.
I gCiarraí agus i nDún na nGall atá an céatadán is airde tithe saoire. Tithe saoire os cionn 40% de thithe na limistéar pleanála teanga Ciarraí Theas, Toraigh agus Tuaisceart Dhún na nGall.
Léirigh taighde a rinne Tuairisc i mbliana go bhfuil 63 toghroinn sa Ghaeltacht bhfuil aon trian de na tithe iontu ina dtithe saoire nó ina dtithe folmha. Is ionann sin agus 41% de na toghranna Gaeltachta sa stát.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go léiríonn torthaí an taighde “go bhfuil gá tithíocht a chur ar fáil do dhaoine le cur fúthu go buan sa Ghaeltacht”. Dúirt sé go mbeadh tionchar ag soláthar níos mó tithe ar úsáid na Gaeilge mar theanga phobail.
“Is léir ón taighde seo go mbeidh éileamh leanúnach ar thithíocht as seo go ceann tamall,” a deir Tomás Ó Síocháin.
Tá plean nua á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair chun tithíocht incmhainne a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta.
Cheadaigh Bord an Údaráis €250,000 anuraidh chun taighde faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus beartas tithíochta a fhorbairt.
Tá trí shuíomh sa Ghaeltacht – An Cheathrú Rua, an Rinn agus Gaoth Dobhair – á scrúdú ag Údarás na Gaeltachta do thús a chur le forbairt “múnla inmharthana tithíochta” sa Ghaeltacht.
Tá ráite ag Aire Stáit nua Gaeltachta, Thomas Byrne, go bhfuil a mhachnamh á dhéanamh aige ar chumhachtaí breise a thabhairt don Údarás i leith cúrsaí tithíochta.
Tá moladh go mbunódh Údarás na Gaeltachta Comhlacht Ceadaithe Tithíochta nua chun tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge pléite ag iar-aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, leis an aire stáit.
“Creideann an tÚdarás go bhfuil an chumhacht acu mar atá talamh a cheannach nó a dhíol chun tithíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta,” a deir Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.
“Ach tá mise ag iarraidh cumhachtaí soiléire a chur le feidhmeanna reachtúla Údarás na Gaeltachta ionas nach mbeadh aon cheist ann faoi agus go mbunódh an tÚdarás Comhlacht Ceadaithe Tithíochta nua a chuirfeadh tithíocht ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht – tithíocht shóisialta, tithíocht inacmhainne agus gnáth-thithíocht ar phraghas an mhargaidh.”
Bheadh na cumhachtaí breise mar chuid de phróiseas níos leithne le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, a deir Ó Cuív.
“Thabharfaí na cumhachtaí breise d’Údarás na Gaeltachta mar chuid de phróiseas atá ar siúl faoi láthair maidir le cúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht agus na deacrachtaí atá ann.
“Ar an gcéad dul síos, beidh an tAcht pleanála nua agat, a chuirfidh dualgas ar chomhairlí contae plean sonrach a leagan síos do na ceantair Ghaeltachta, ansin tá na treoirlínte pleanála nua don Ghaeltacht atá le foilsiú go luath agus ar deireadh bheadh na cumhachtaí breise don Údarás agus bunú an AHB [Approved Housing Body].”
Tá cúrsaí tithíochta agus pleanála go mór i mbéal an phobail sa Ghaeltacht le tamall agus go leor daoine ag tuairisciú deacrachtaí a bheith acu tithe a thógáil nó a cheannach ina gceantair féin agus bunaíodh brúghrúpa nua, Bánú, chun brú a chur ar na húdaráis leigheas a fháil ar an bhfadhb. Tá Bánú ag iarraidh go ndéanfaí leasú ar an reachtaíocht chun feidhm shonrach a leagan ar Údarás na Gaeltachta maidir le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht.
Ag an gcruinniú is déanaí de Choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt oifigigh pleanála teanga go raibh an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ar na dúshláin is mó atá roimh chur chun cinn na teanga.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Éamon Ó Cuív gur tuigeadh dó go bhfoilseofaí go “fíorluath” na treoirlínte pleanála agus tithíochta don Ghaeltacht a gealladh ar dtús breis agus dhá bhliain ó shin.