Tá triúr cainteoirí Gaeilge á lua leis an bhfolúntas d’aire airgeadais a bheidh ann nuair a ainmneofar an tAire Michael McGrath le bheith ina Choimisinéir Eorpach.
Chuir an Tánaiste Micheál Martin a mholadh go n-ainmneofaí McGrath don phost san Eoraip, a bhfuil tuarastal €300,000 ag dul leis, faoi bhráid cheannairí eile an chomhrialtais aréir agus tá an moladh á chur faoi bhráid an rialtais ar maidin.
Ag an aire airgeadais atá an aireacht is sinsearaí sa Rialtas agus tá Fianna Fáil ag súil dá bharr go bhfaighidh McGrath post airgeadais ar an gCoimisiúin, postanna a mbíonn an-tóir orthu i measc na mballstáit.
Triúr cainteoirí Gaeilge atá á lua leis an bhfolúntas a bheidh ann d’aire airgeadais, beirt iar-airí Gaeltachta, leascheannaire nuacheaptha an pháirtí, Jack Chambers agus Dara Calleary agus an t-iare tithíochta Darragh O’Brien.
Chambers is láidre atá á lua leis an bhfolúntas.
Dá gceapfaí duine den triúr bheadh cainteoir Gaeilge ina aire airgeadais den chéad uair ó 2017 nuair a bhí an post ag Michael Noonan.
Ceapadh Michael McGrath ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nuair a bunaíodh an comhrialtas in 2020. In 2022 ceapadh ina aire airgeadais é nuair a rinne sé féin agus Paschal Donohoe Fhine Gael a bpoist a mhalartú de réir mar a bhí socraithe sa mhargadh rialtais.
Beidh McGrath ar an gcéad pholaiteoir de chuid Fhianna Fáil le bheith ina Choimisinéir Eorpach ó d’éirigh Máire Geoghegan-Quinn as an gcoimisiún deich mbliana ó shin.
Fágann ainmniúchán McGrath go bhféadfadh cúig fhothoghchán a bheith ann go luath an bhliain seo chugainn, mura mbíonn olltoghchán ann roimhe sin.
Toghadh Michael McGrath chun na Dála den chéad uair in 2007 agus atoghadh in éineacht le Micheál Martin é i gCorcaigh Theas-Lár i ngach olltoghchán ó shin.
Sna toghcháin áitiúla i dtús na míosa, ba é Seamus McGrath, deartháir Michael McGrath, a fuair an líon is mó vótaí céadrogha sa stát.