Tá tacaíocht léirithe ag formhór na bpáirtithe ó thuaidh, a bhfuil iarrthóirí ó acu ag seasamh in olltoghchán Westminster, don éileamh go gceapfaí coimisinéir teanga Gaeilge láithreach.
Tá gealltanais déanta ag páirtithe chomh maith maidir le hairgead breise a sholáthar d’ábhar Gaeilge ar an BBC agus infheistíocht bhreise a dhéanamh i bhforbairt phobal na Gaeilge ó thuaidh.
Rinneadh na gealltanais mar chuid den fheachtas Gaelvóta atá seolta ag Conradh na Gaeilge roimh an toghchán a reáchtálfar Déardaoin beag seo, an 4 Iúil.
D’iarr Conradh na Gaeilge ar pháirtithe polaitiúla a dtacaíocht a léiriú do thrí mhóréileamh a bhain leis an nGaeilge.
Maidir le cúrsaí reachtaíochta, d’iarr an eagraíocht go dtacódh páirtithe le Coimisinéir Gaeilge a cheapadh agus le haisghairm a dhéanamh ar acht a fhágann go bhfuil cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
Tá breis is dhá bhliain ann ó tugadh an reachtaíocht isteach ó thuaidh faoina bhfuil Coimisinéirí don Ghaeilge agus don Ultais le ceapadh ach níl aon cheapacháin déanta go fóill. Dúradh san Fheidhmeannas ag deireadh mhí Aibreáin go raibh na “socruithe praiticiúla” déanta maidir le Coimisinéirí a cheapadh.
Mar chuid den fheachtas Gaelvóta, iarradh freisin ar pháirtithe geallúint a thabhairt go socrófaí tuilleadh airgid d’ábhar Gaeilge ar ardáin BBC agus go méadófaí an Ciste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Northern Ireland Screen.
Is é atá i gceist leis an éileamh deireanach sin maoiniú caipitil breise a chur ar fáil do Chiste Infheistíochta na Gaeilge, a chuireann airgead ar fáil d’eagraíochtaí teanga.
Tá Sinn Féin, SDLP, An Comhaontas Glas, Pobal Roimh Bhrabús agus Aontú ag tacú leis na héilimh uile atá déanta ag Conradh na Gaeilge.
Thacaigh Páirtí na Comhghuaillíochta leis an éileamh maidir le ceapadh an Choimisinéara Gaeilge agus le héileamh faoi dheireadh a chur leis an gcosc atá ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, ach thug an páirtí le fios nach bhféadfaidís geallúint a thabhairt i dtaobh na n-éileamh a bhfuil ceangal ó thaobh caiteachais ag baint leo toisc go raibh ganntanas airgid ann i láthair na huaire.
Níor thug aon cheann de na páirtithe aontachtacha ó thuaidh, an DUP, an UUP ná TUV, freagra ar iarratais Chonradh na Gaeilge.
Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, gur thug olltoghchán Westminster deis don eagraíocht cás na teanga a chur chun cinn agus geallúintí a fháil ó na páirtithe.
“Cé go n-aithníonn muid go luíonn tromlach na ndualgas teanga le Feidhmeannas Chnoc an Anfa, agus gur ann ab fhearr linn go dtógfaí cinntí chun an teanga a chur chun cinn, bíonn deis againn i gcónaí roinnt ceisteanna a bhrú chun cinn tríd Westminster.
“Maidir le ceapadh an Choimisinéara, mura ndéantar an cinneadh sin anseo, maidir le ceisteanna craoltóireachta, atá ina ceist do Westminster amháin, agus maidir leis an Chiste Infheistíochta Gaeilge, ciste atá maoinithe ag Westminster ón chéad lá, agus ag Rialtas na hÉireann ar na mallaibh,” a dúirt Ó Muadaigh.
“Trí chéile, aithníonn muid go luíonn na freagrachtaí maidir le cur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh ar Rialtas na Breataine féin, nó is iad a dhaingnigh an Chairt in 2001 i leith na Gaeilge anseo. Tá sé tábhachtach go gcoinníonn muid an brú orthu a bheith ag tacú go leanúnach le cearta agus le forbairt na Gaeilge.”