Tá sé in am deireadh a chur le Foras na Gaeilge mar atá murar féidir an struchtúr faoina maoinítear an eagraíocht trasteorann a athrú, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné.
Ag labhairt dó ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge nach raibh struchtúr maoinithe an Fhorais ag obair. Dúirt sé go raibh “ceist mhór” ann an bhféadfaí é a chur ina cheart “i bhfianaise na fírice nár tugadh ardú suntasach don Fhoras nuair a bhí airgead breise le roinnt, thuaidh nó theas, le 20 bliain anuas”.
Íocann Roinn na Gaeltachta 75% den mhaoiniú a fhaigheann Foras na Gaeilge agus an Roinn Pobal a íocann an 25% eile. Ní mór aontú an dá Roinn a fháil i leith bhuiséad an Fhorais Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – agus caitear ansin an buiséad sin a chur faoi bhráid cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.
Cothaíonn an córas deacrachtaí ar leith ó thaobh mhaoiniú an Fhorais de, go háirithe le linn na dtréimhsí sin nuair a bhíonn folús polaitiúil ó thuaidh.
Dúirt Foras na Gaeilge le Tuairisc go bhfuil ceist an chórais mhaoinithe á plé acu le tamall leis an Roinn Pobal, Roinn na Gaeltachta, An Chomhrúnaíocht Thuaidh Theas agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Tá iarrtha ag an bhForas ar an dá rialtas “féidearthachtaí a fhiosrú” chun teacht ar shocrú a cheadódh do cheachtar den dá stát maoiniú breise a chur ar fáil don eagraíocht.
Agus é faoi agallamh ag an Irish Times an tseachtain seo, dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, go raibh sé ag súil go dtiocfar ar shocrú roimh dheireadh na bliana “a bhéarfaidh deis don rialtas ó dheas cur lenár maoiniú”.
Ach deir Julian de Spáinn go gcaithfear a bheith “cróga” murar féidir teacht ar shocrú a ligfeadh don dá rialtas maoiniú suntasach breise a chur ar fáil don Fhoras, beag beann ar a chéile.
“Sa chás, áfach, nach féidir seo a bhaint amach caithfear a bheith cróga le féachaint ar fhéidearthachtaí eile le maoiniú sásúil agus cothrom a chur ar fáil d’fhorbairt na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, ar nós an moladh a cuireadh san áireamh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 le háisíneacht stáit eile a chur ar bun, Údarás na Gaeilge,” a dúirt de Spáinn.
Dúirt de Spáinn nár chóir go mbeadh cúram na Gaeltachta ar Údarás na Gaeilge mar go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann cheana féin. Bheadh freagracht i leith na teanga ag Údarás na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas agus bheadh bord tofa nó “struchtúr eile” aige a chinnteodh “fíor-ionadaíocht ón bpobal”.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go bhféadfadh an dá Rialtas maoiniú díreach a chur ar fáil don eagraíocht nua.
“B’fhearr linn gan dul síos an bóthar seo in aon chor ach níl sé cothrom go mbeadh pobal na Gaeilge thíos leis ar feadh 20 bliain eile mar gheall ar struchtúr a cuireadh ar bun 25 bliain ó shin nach bhfuil in ann maoiniú sásúil a bhaint amach,” a dúirt Julian de Spáinn.
“Mar sin tá dhá rogha ann, leasaigh na rialacha reatha, nó, sa chás munar féidir sin a dhéanamh, athraigh an struchtúr ar fad.”
Tá laghdú tagtha ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge le 20 bliain anuas, ó €17.18 milliúin go €16.26 milliúin. Sa tréimhse chéanna, mhéadaigh buiséad na Comhairle Ealaíon ó dheas ó €44.1 milliún go €130 milliún.
Deir Conradh na Gaeilge nuair a chuirtear boilsciú an innéacs praghsanna san áiream gurb ionann an t-ísliú i mbuiséad an Fhorais agus ísliú 45% idir 2003 -2024.