CEANNASAÍ OIFIG MEDIA NA GAILLIMHE
Deasc na hEorpa Cruthaithí Oifig MEDIA na Gaillimhe
Tá Oifig MEDIA na Gaillimhe ag earcú Ceannasaí don eagraíocht atá lonnaithe sa Spidéal, Co na Gaillimhe.
Is oifig eolais don Chlár An Eoraip Chruthaitheach í Deasc na hEorpa Cruthaithí Oifig MEDIA na Gaillimhe a chuireann seirbhís eolais ar fáil maidir leis an bhfó-chlár MEDIA atá ag tacú le tionscal closamhairc na hEorpa.
Is post sinsearach, dúshlánach é seo ag bainistiú na heagraíochta maraon le seirbhís eolais agus comhairleoireachta a chur ar fáil don earnáil closamhairc san Iarthar agus sna ceantair Gaeltachta.
Beidh sár-scileanna idir-phearsanta agus cumarsáide ag an té a cheapfar agus beidh siad ábalta oibriú go neamhspléach, solúbtha as a stuaim féin. Is fearr tuiscint ar an earnáil closamhairc a bheith ag iarrathóirí agus bheadh suim faoi leith i gcúrsaí teilifíse nó scannánaíochta mar bhuntáiste.
Is í an Ghaeilge príomhtheanga oibre na hOifige. Is fostóir comhionnanais é Oifig MEDIA na Gaillimhe
Breis eolais ar fáil ag https://www.creativeeuropeireland.eu/news-events/
Seol do CV maraon le litir iarratais ina leagtar amach an bealach a n-oireann do thaithí agus do cháilíochtaí don ról seo chuig eolas@creativeeuropeireland.eu roimh 17.00 ar an 23ú Lúnasa 2024.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |