Scoláireacht Iarchéime le SETU
SETU
An Phleanáil Teanga sna Déise: iniúchadh ar phróiseas, chur i bhfeidhm agus rath an phlean teanga 2018-2024
Aidhm an Tionscadail
Tá béim sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge (2010) agus in Acht na Gaeltachta (2012) ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil éifeachtach chun todhchaí na Gaeilge a chinntiú. Príomhuirlis chothaithe agus chur chun cinn na teanga é an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá sé d’aidhm ag an tionscadal seo iniúchadh a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála teanga, a chur i bhfeidhm agus ar rath phlean teanga amháin – i nGaeltacht na nDéise. Cé go raibh túsphointí éagsúla ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga ar fud na tíre, is sna blianta beaga atá le teacht a bheidh deireadh ag teacht leis an gcéad seacht mbliana den phróiseas. Beidh deireadh ag teacht leis an gcéad gheábh den phleanáil teanga i nGaeltacht na nDéise in 2024 i ndiaidh don phlean a bheith á chur i bhfeidhm ó bhí 2018 ann.
Beifear ag súil go mbeidh ábhar an tráchtais seo ina ábhar machnaimh agus ina acmhainn luachmhar do lucht pleanála teanga sa tír trí chéile. Beidh tátail an tráchtais ina gcomhairle agus ina dtacaíocht d’fheidhmeannaigh phleanála teanga agus do cheanneagraíochtaí eile in Éirinn agus i limistéir níos leithne ar bhonn idirnáisiúnta. Tá duine fuinniúil agus cumasach á lorg chun tabhairt faoin taighde seo mar chomhlíonadh ar riachtanais staidéir do cháilíocht PhD. Ba chóir go mbeadh suim ag an iarrthóir sa phleanáil teanga agus sa taighde cáilíochtúil. Cuirfear breis eolais ar fáil faoin tionscadal don iarrthóir rathúil.
Eolas / Taithí
Riachtanach / Essential
- Céim leibhéal 8, (2.1 nó 1.1) sa Nua-Ghaeilge (nó i réimse gaolmhar mar shampla: Léann Ceilteach, an Teangeolaíocht Fheidhmeach srl. )
- Cur amach ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht
Inmhianaithe / Desirable
- MA nó dioplóma iarchéime (leibhéal 9) sa Nua-Ghaeilge (nó i réimse gaolmhar)
- Tuiscint ar leith ar Ghaeltacht na nDéise, a cultúr, a teanga agus a pobal
- Taithí thaighde, oibre nó phraiticiúil i réimse na pleanála teanga
Scileanna agus Inniúlachtaí
Riachtanach/ Essential
- Ard-inniúlacht sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh (Leibhéal C1 CEFR nó a chomhionann)
- Scileanna maithe ríomhaireachta agus chur i láthair
- Applicants whose first language is not English must demonstrate on application that they meet SETU’s English language requirements and provide all necessary documentation. See Page 7 of the Code of Practice
Eolais
Le haghaidh aon fhiosrúcháin neamhfhoirmiúla, déan teagmháil le PI an tionscadail, an Dr Shane Grant, trí ríomhphost shane.grant@setu.ie
Le haghaidh ceisteanna a bhaineann leis an bpróiseas iarratais agus iontrála, déan teagmháil le do thoil leis an Oifig Iontrála Iarchéime
researchadmissions@setu.ie nó glaoigh ar +353 (0)51 302883.
Le haghaidh ceisteanna a bhaineann leis an gclár maoinithe, seol ríomhphost chuig scoláireachtaí2024@setu.ie
Suíomh Gréasáin na hOllscoile https://www.setu.ie/
Sprioc dáta: 14 August 2024 @ 4PM
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |