Feidhmeannach Foilsitheoireachta le COMHAR
COMHAR
Ról
Tá Feidhmeannach Foilsitheoireachta á earcú ag COMHAR, príomhfhoilsitheoir náisiúnta na Gaeilge.
Beidh an té a cheapfar ag plé le LeabhairCOMHAR. Conradh 15 mhí (Meán Fómhair 2024 – Nollaig 2025)
atá á thairiscint. Is féidir go gcuirfear síneadh leis ag deireadh na tréimhse sin.
Folúntas
1 x Post Lánaimseartha
nó
2 x Post Páirtaimseartha (3 lá/seachtain)
Tá oifig COMHAR lonnaithe ar Shráid Harrington, BÁC 8. Beidh deiseanna maithe obair chumaisc ar fáil.
Tuarastal
€36,044 – €37,965 – €39,050 – €41,167 (Pointe 1-4, Grád: Oifigeach Feidhmiúcháin)Pointe tosaigh ag brath ar thaithí.
Iarratais
Spriocdháta: meán lae, Dé hAoine, 26 Iúil 2024
Tuilleadh eolais faoin bpost ar fáil sa Sainchuntas Poist.
Príomhfhoilsitheoir náisiúnta na Gaeilge is ea COMHAR:
● a fhoilsíonn iris mhíosúil liteartha na Gaeilge, Comhar,
● a bhfuil inphrionta foilsitheoireachta leabhar, LeabhairCOMHAR, á rith aige,
● a fhoilsíonn iris acadúil phiarmheasta bhliantúil COMHARTaighde,
● a bhfuil baint aige le tionscadail eile i réimse na foilsitheoireachta.
Faigheann COMHAR tacaíocht ó na heagraíochtaí seo a leanas: Foras na Gaeilge, Clár na Leabhar Gaeilge, An Chomhairle Ealaíon, Acadamh Ríoga na hÉireann, COGG
Tuilleadh eolais: https://comhar.ie/eolas/foluntas/
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |