Iriseoir Ilmheán, Nuacht RTÉ /TG4
Nuacht RTÉ /TG4
Iriseoir Ilmheán, Nuacht RTÉ /TG4
Is é RTÉ eagras náisiúnta mhéan seirbhíse poiblí na hÉireann. Tá RTÉ i gceann ar na meáin in Éirinn agus cuireann seirbhísí ilmheán atá saor-go-haer, cuimsitheach agus cost-éifeachtúil ar fáil do lucht faire in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Fáilteoidh RTÉ roimh iarratais ó dhaoine atá cáilithe go cuí ar phost lánaimseartha mar Iriseoir Ilmheán i Nuacht RTÉ/TG4 a shannfar ar dtús don tsraith chúrsaí reatha a léiríonn RTÉ do TG4.
Post atá ina chuid d’fhoireann fhuinniúil Nuacht RTÉ/TG4 a iarrfaidh ar an té a cheapfar freastal go rialto ar an lárionad i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Is féidir go gcuirfear an té a cheapfar ag obair ar chláir agus árdáin eile de chuid Nuacht RTÉ/TG4.
Léiríonn Nuacht na cláir teilifíse nuachta ar TG4, RTÉ One agus an RTÉ News Channel, sraith chúrsaí reatha 7Lá ar TG4, na leathanaigh nuachta ar RTÉ Digital, ábhar d’ardáin mheán sóisialta RTÉ agus TG4 chomh maith le tuairiscí d’fheasacháin raidió ar sbheirbhísí RTÉ. Tá iriseoirí ag Nuacht RTÉ/TG4 lonnaithe i nDoirí Beaga, Béal Feirste, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach agus Baile na hAbhann.
Tá iarrthóirí á lorg le:
Taithí san iriseoireacht agus i scéalta nuachta a fhorbairt
An-eolas ar chúrsaí reatha agus nuachta maraon le breith stuama eagarthóireachta
Ardchaighdeán sa Ghaeilge scríofa agus labhartha
Scileanna maithe scríbhneoireachta agus fo-eagarthóireachta don fhoilsitheoireacht ar líne
Eolas domhain ar chúrsaí náisiúnta, idirnáisiúnta agus réigiúnacha.
Eolas ar pholasaí eagarthóireachta Nuacht RTÉ/ TG4
Spéis agus cumas sa teicneolaíocht reatha agus éiritheach maraon le heolas ar na meáin shóisialta mar mhodh bailithe nuachta.
Duine díocasach díograiseach a bheidh sa té a cheapfar, agus beidh sé/sí in ann dul ag obair as a stuaim féin. Oibreoidh sé/sí go maith agus go cruinn faoi spriocamanna agus faoi bhrú, agus mar bhall foirne.
Buntáiste é taithí sa chraoltóireacht bheith ag iarrthóirí.
Tá dualgas ar iriseoirí ilmheán sealanna oibre a oibriú, sealanna a chuimsíonn maidineacha mocha, tráthnónta deireanacha, deirí seachtaine agus laethanta saoire poiblí.
Ó am go chéile, is féidir go mbeidh dualgas ann freisin craoladh i mBéarla do sheirbhísí eile RTÉ.
Cuimseoidh an próiseas roghnaithe agallamh, measúnú agus scrúdú ceamara / micfreafóin.
Déanfar an ceapúchán seo ar conradh lánaimseartha leanúnach mar Iriseoir Ilmheán ar scála olltuarastail an ghráid ó €46,871 go €73,705 sa bhliain.
Is é an dáta scoir d’iarratais 5pm Dé hAoine an 26 Iúil 2024.
Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
Fostóir comhionannais deise é RTÉ agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí sóisialta, cine ná eitneacht, eagumas, stádas sibhialta ná teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúíl.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |