Comhordaitheoir na Gaeilge
Ollscoil Luimnigh
Advertisement/Information for Applicants
Please click on Information for Applicants/Job Description link below for full job
Comhordaitheoir na Gaeilge
Tá breis is 18,000 mac léinn agus 2,000 comhalta foirne in Ollscoil Luimnigh (OL) agus is institiúid fhuinniúil agus fiontraíochta í a bhfuil teist bhródúil aici as nuálaíocht agus as barr feabhais san oideachas, sa taighde agus sa léann. Cinntíonn na luachanna dinimiciúla, fiontraíochta agus ceannródaíocha a spreagann misean agus straitéis OL go mbainimid lánúsáid as rannpháirtíocht agus as comhcheangailteacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá cáil orainn as taithí den scoth a chur ar fáil do mhic léinn agus as tabhairt faoi thaighde ceannródaíoch. Tá sé mar aidhm againn difríocht a dhéanamh i múnlú na todhchaí trí oideachas a chur ar mhic léinn agus iad a chumasú. Tá OL lonnaithe ar champas cois abhann ina bhfuil 130 heicteár agus Abhainn na Sionainne mar lárphointe. Cuireann na háiseanna caithimh aimsire, cultúrtha agus spóirt den scoth atá againn go mór leis an timpeallacht iontach foghlama agus taighde.
Fáilteofar roimh iarratais ar an bpost seo a leanas:
Dámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta
Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide
Comhordaitheoir na Gaeilge – Cineál Conartha: Téarma Seasta (Aon mhí dhéag)
Scála Tuarastail: €46,455 – €63,332 sa bhliain
Is féidir fiosruithe neamhfhoirmiúla faoin bpost seo a dhéanamh le:
Dr Deirdre Ní Loingsigh
Stiúrthóir na Gaeilge
Aonad na Gaeilge
Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide,
Ollscoil Luimnigh
Ríomhphost: deirdre.niloingsigh@ul.ie
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte ná Dé Máirt, 30 Iúil 2024.
Ní mór iarratas a bheith déanta ar líne roimh 12 meán lae, am na hÉireann ar an spriocdháta.
Tacaíonn Ollscoil Luimnigh le hobair chumaisc
Ba cheart a dheimhniú go bhfuil cead agat a bheith ag obair in Éirinn. Ní féidir glacadh le hiarratais ó dhaoine nach bhfuil cead acu a bheith ag obair in Éirinn.
Ní mór an méid seo a leanas a bheith le d’iarratas:
Litir chur in aithne a dhéanann cur síos ar an gcaoi a gcomhlíonann tú na critéir i sonraíocht an phoist.
Foirm Iarratais ar líne chomhlánaithe (ní mór foirm iarratais ar leithligh a líonadh do gach post a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith).
Seol ríomhphost chuig erecruitment@ul.ie má bhíonn aon deacracht agat.
Fáilteofar roimh iarratais ó iarratasóirí atá cáilithe go cuí.
Tá gradam Cré-Umha Athena Swan ag Ollscoil Luimnigh mar aitheantas ar ár dtiomantas i gcur chun cinn an chomhionannais san ardoideachas. Is fostóir comhionannais deiseanna í an Ollscoil agus tá sí meáite ar roghnú de réir fiúntais, agus fáiltíonn sí roimh iarrthóirí as gach cuid den phobal. Tá réimse tionscnamh ag an Ollscoil chun tacú le timpeallacht oibre atá oiriúnach do theaghlaigh, obair sholúbtha san áireamh.
“Tá “Polasaí do Champas Saor ó Thobac agus Vápáil” curtha i bhfeidhm ag Ollscoil Luimnigh.” Tá cosc ar chaitheamh tobac agus ar vápáil.”
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |