Oifigeach Forbartha Óige – Cúige Chonnacht
Ógras
Tá Ógras ag lorg duine díograiseach, tiománta le theacht ag obair mar chuid d’fhoireann Ógras.
Is deis iontach é seo do dhuine a bhfuil taithí acu a bheith ag obair le daoine óga agus go bhfuil tuiscint acu ar an oideachas neamh-fhoirmeálta agus cur chun cinn na Gaeilge.
Dualgais:
- Óg-Chlubanna Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt
- Imeachtaí réigiúnda & náisiúnta a eagrú
- Cúrsaí oiliúna do cheannairí a eagrú & a reáchtáil
- Tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do na ceannairí/coistí & baill
- Obair Riaracháin.
- Riachtanach: Ard-Chaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
- Taithí & Tuiscint ar obair óige
- Ard-scileanna cumarsáide & idirphearsanta
- Ábalta obair as a stuaim féin
- Scileanna maithe ríomhaireachta
- Ceadúnas glan tiomána agus teacht ar charr
Lonnaithe: Gaillimh
Maoinitheoir: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lán-Pháirtíochta agus Óige
Tuarastal: €32,677 pro rata
Post páirt-aimseartha ar feadh trí bliana (tar éis 6 mhí tréimhse profa)
Laethanta Saoire: 21 lá pro rata.
Seol iarratais chomh maith le C.V. chuig
cathaoirleach@ogras.ie
Roimh an Aoine 2 Lúnasa 2024
Cúlra
Bunaíodh Ógras chun seirbhís óige a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Tugann Ógras cúnamh agus tacaíocht le clubanna óige a bhunú agus a bhuanú timpeall na tíre, chomh maith le traenáil a chur ar fáil i réimse leathan ábhar.
Misean
- An Ghaeilge agus an cultúr agus oidhreacht Ghaelach a chur chun cinn i measc dhaoine óga trí spásanna agus deiseanna a thabhairt do dhaoine le bheith ar a suaimhneas agus an Ghaeilge á húsaid acu mar chuid de phobal na Gaeilge atá ag dul i méid.
- Timpeallachtaí shábhailte a chruthú ar bhealach atá spraíúil, nua-aoiseach agus comhaimseartha, a spreagann agus a chuireann ar chumas daoine óga taitneamh a bhaint as a bheith ag úsáid na Gaeilge.
- Clár oibre don aos óg atá spleodrach, éagsúil agus pleanáilte a chur ar fáil trí Ghaeilge a spreagann macnamh cruthaitheach, neartú muiníne agus forbairt shóisilata trí ghníomhaíochtaí spraíúla, spóirt agus fóillíochta.
Príomhfheidhm an phost:
Beidh an tOifigeach Forbartha fostaithe chun tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do cheannairí Chlubanna Ógras agus Óg-Ógras timpeall Ghaillimh agus Maigh Eo. Beidh sé mar aidhm ag an Oifigeach na clubanna atá ann a láidriú agus deiseanna a thapú le clubanna nua a bhunú sa cheantar.
Aidhmeanna
- Cur le soláthar seirbhís óige
- Forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin & éagsúlacht an tseirbhís óige atá ann cheana féin;
- Imeachtaí réigiúnacha & naisiúnta a eagrú agus a bhuanú;
- Traenáil agus Oiliúint a chur ar cheannairí óige;
- Tacaíocht agus Comhairle a thabhairt do cheannairí na gclubanna
Spriocanna
Beidh na spriocanna seo a leanas mar chuid den phost:
- Teagmháil a dhéanamh le clubanna a bhí ag feidhmiú sa cheantar an bhliain seo caite agus tacaíocht a chur ar fáil do na ceannairí deonacha
- Ceannairí nua a earcú nuair is gá
- Traenáil agus Oiliúint chuí a sholáthar;
- Imeachtaí réigiúnda agus naisiúnta a eagrú;
- Ceardlanna a eagrú sna clubanna
- Sonraí teagmhála na gclubanna a choinneáil suas chun dáta
- Freastal ar chruinnithe thar cheann na heagraíochta
- Cabhrú gníomhaíochtaí bainte le tionscnaimh Ógras a chur ar siúl sna clubanna
Sonraíocht Phearsanta
Tiomáint/Iompar
- Ceadúnas tiomána reatha agus úsáid chairr
Scileanna
- Scileanna maithe cumarsáide idir labhairt agus scríobh i nGaeilge agus i mBéarla – cur i láthair san áireamh;
- • Scileanna idirphearsanta agus cumasaithe coistí;
- Scileanna maithe ríomhaireachta
Pearsatnacht
- Scileanna idirbheartaíochta;
- Scileanna comhréitigh;
- Bheith in inmhe glacadh le treoir agus comhairle a leanúint agus a chur i gcrích;
- Bheith féinspreagtha & ábalta obair as a stuaim féin
Taithí
- Taithí ar bheith ag obair le daoine óga ;
- Taithí ar chúrsaí oiliúna a chur ar fáil;
- Taithí ar bhunú ghrúpaí/coistí nó ar bheith ag plé leo;
- Taithí ar oideachas neamh-fhoirmeálta
Eolas
- Eolas ar Ógras agus ar an earnáil óige;
- Eolas agus tuiscint ar riachtanaisí daoine óga
- Eolas ar fheidhmiú coistí.
Cáilíochtaí
- Cáilíocht sa Ghaeilge;
- Cáilíocht 3ú leibhéal in obair óige nó obair phobail nó i réimse gaolmhara nó a chomhionann taithí
Eolas eile:
- Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháin don ról seo.
- Beidh na hagallaimh don phost ar siúl thar Zoom
- Post maoinithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Lánpháirtíochta, Míchumais agus Óige.
Is fostóir comhionannais é Ógras agus is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |