Oifigeach Forbartha Cléireachais – Cúige Laighean
Ógras
Tá folúntas ag Ógras le haghaidh Oifigeach Forbartha/Cléireachais i gCeantar Chúige Laighean le béim faoi leith ar Bhaile Átha Cliath.
Is deis iontach é seo do dhuine a bhfuil taithí acu a bheith ag obair le daoine óga agus go bhfuil tuiscint acu ar an oideachas neamh-fhoirmeálta agus gur mian leo tionchur dearfach a imirt ar obair óige trí mheán na Gaeilge.
Dualgais:
- Tacú le breis chlubanna de chuid Ógras agus Óg-Ógras a bhunú timpeall Chúige Laighean le béim ar Chathair Átha Cliath
- Imeachtaí réigiúnda & náisiúnta a eagrú
- Cúrsaí oiliúna do cheannairí a eagrú & a reáchtáil
- Suíomh idirlíne Ógras a uasdátú go rialta
- Tacú le clubanna i taobh maoiniú agus tuairisciú chuig na mBord Oideachais Oiliúna.
- Plé le Grinnfhiosrúcháin
- Obair riarachán eile.
Riachtanach:
- Ard-Chaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
- Taithí & Tuiscint ar obair óige
- Ard-scileanna cumarsáide & idirphearsanta
- Ábalta obair as a stuaim féin
- Scileanna maithe ríomhaireachta
- Ceadúnas glan tiomána agus teacht ar charr
Lonnaithe: Cúige Laighean
Maoinitheoir: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lán-Pháirtíochta agus Óige
Tuarastal: €32,677 – €36,788
Post lán-aimseartha ar feadh trí bliana (tar éis 6 mhí tréimhse profa)
Laethanta Saoire: 21 lá pro rata.
Seol iarratais chomh maith le C.V. chuig
cathaoirleach@ogras.ie
Roimh an Aoine 2 Lúnasa 2024
Cúlra
Bunaíodh Ógras chun seirbhís óige a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Tugann Ógras cúnamh agus tacaíocht le clubanna óige a bhunú agus a bhuanú timpeall na tíre, chomh maith le traenáil a chur ar fáil i réimse leathan ábhar.
Misean
- An Ghaeilge agus an cultúr agus oidhreacht Ghaelach a chur chun cinn i measc dhaoine óga trí spásanna agus deiseanna a thabhairt do dhaoine le bheith ar a suaimhneas agus an Ghaeilge á húsaid acu mar chuid de phobal na Gaeilge atá ag dul i méid.
- Timpeallachtaí sábhailte a chruthú ar bhealach atá spraíúil, nua-aoiseach agus comhaimseartha, a spreagann agus a chuireann ar chumas daoine óga taitneamh a bhaint as a bheith ag úsáid na Gaeilge.
- Clár oibre don aos óg atá spleodrach, éagsúil agus pleanáilte a chur ar fáil trí Ghaeilge a spreagann macnamh cruthaitheach, neartú muiníne agus forbairt shóisialta trí ghníomhaíochtaí spraíúla, spóirt agus fóillíochta.
Príomhfheidhm an phost:
Beidh an tOifigeach Forbartha Cléireachais fostaithe chun díriú isteach ar chlubanna nua a bhunú agus a láidriú timpeall Chúige Laighean chomh maith le daoine deonacha breis a earcú le dul i mbun clubanna agus tionscnaimh óige.
Aidhmeanna
- Cur le soláthar seirbhís óige
- Forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin & éagsúlacht an tseirbhís óige atá ann cheana féin;
- Imeachtaí réigiúnach & naisiúnta a eagrú agus a bhuanú;
- Traenáil agus Oiliúint a chur ar cheannairí óige;
- Greasán de clubanna agus tionscnaimh óige a fhorbairt timpeall Bhaile Átha Cliath
Spriocanna
Beidh na spriocanna seo a leanas mar chuid den phost:
- Teagmháil a dhéanamh le grúpaí pobail, scoileanna agus eagraíochtaí nó coistí Gaeilge chun feasacht a ardú maidir le obair óige trí mheán na Gaeilge.
- Ceannairí nua a earcú go rialta
- Imeachtaí réigiúnda agus naisiúnta a eagrú;
- Ceardlanna agus tionscadail a eagrú sna clubanna
- Sonraí teagmhála na gclubanna a choinneáil suas chun dáta
- Freastal ar chruinnithe thar cheann na heagraíochta
- Suíomh idirlíne Ógras a uasdátú go rialta
- Bunachar sonraí ceannairí agus clubanna a uasdátú go rialta
- Obair Ógras a chur chun cinn trí chruinnithe agus cur i láthair ag ócáidí agus imeachtaí éagsúla
- Poiblíocht a dhéanamh ar imeachtaí Ógras
- Tuairiscí agus taifead suas chun dáta a choinneáil ar an obair
Sonraíocht Phearsanta
Scileanna
- Ardscileanna cumarsáide idir labhartha agus scríofa i nGaeilge agus i mBéarla – cur i láthair san áireamh;
- Scileanna maithe idirphearsanta
- Scileanna maithe ríomhaireachta
- Taithí ar plé leis na meáin shóisialta agus eolach ar bhealaí cruthaíoch le obair Ógras a fhógairt agus a chur chun cinn
Pearsantacht
- Scileanna idirbheartaíochta;
- Scileanna comhréitigh;
- Bheith in inmhe glacadh le treoir agus comhairle a leanúint agus a chur i gcrích;
- Bheith féinspreagtha & ábalta obair as a stuaim féin
Taithí
- Taithí ar Bhainistiú Tionscnamh
- Taithí ar a bheith ag obair le daoine óga
- Taithí ar chúrsaí oiliúna a fhorbairt agus a chur ar fáil
- Taithí ar bhunú ghrúpaí/coistí nó ar a bheith ag plé leo
- Taithí ar oideachas neamh-fhoirmeálta
Eolas
- Eolas ar Ógras agus ar an earnáil óige
- Eolas agus tuiscint ar riachtanais daoine óga
Cáilíochtaí
- Cáilíocht 3ú leibhéal in obair óige nó obair pobail nó i réimse gaolmhara nó a chomhionann taithí
- Cáilíocht sa Ghaeilge
Eolas eile:
- Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháin don ról seo.
- Beidh na hagallaimh don phost ar siúl thar Zoom
- Post maoinithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Lánpháirtíochta, Míchumais agus Óige.
Is fostóir comhionannas é Ógras agus is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |