Tá sé ráite ag roinnt úinéirí coláistí samhraidh nach mbeadh siad in ann feidhmiú amach anseo mura dtabharfar cead dóibh gearrchúrsaí agus cúrsaí coicíse a reáchtáil.
Faoi na rialacháin nua atá á n-ullmhú ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais do na coláistí samhraidh don bhliain 2025, deirtear nach gceadófar aitheantas do choláistí samhraidh le haghaidh gearrchúrsaí ná do níos mó ná dhá chúrsa coicíse in aon bhliain.
Ach deir úinéirí choláistí samhraidh go bhfuil inmharthanacht na hearnála ag brath ar chóras ina bhfuil “solúbthacht agus saoirse” ag coláistí maidir le struchtúr agus fad na gcúrsaí.
Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Siobhán Bairéad, úinéir Choláiste Chamuis i gConamara, go bhfuil “go leor athruithe” ar an earnáil ó aimsir na paindéime agus go bhfuil achan choláiste ag iarraidh teacht ar bhealach le bheith “inmharthana”.
“An chaoi go bhfeidhmíonn an teaghlach sa lá inniu, go minic níl scoláirí ar fáil do chúrsaí trí seachtaine.
“Creideann muid i gcónaí i gColáiste Chamuis go bhfuil buntáistí móra teanga agus cultúrtha i gceist le cúrsaí trí seachtaine ach caithfidh muid a bheith réalaíoch.
“Cuireann muid meascán mearaí de chúrsaí ar fáil do dhaltaí, cúrsaí trí lá, cúrsaí seachtaine, cé nach bhfuil aon aitheantas á thabhairt ag an Roinn do na cúrsaí sin, cúrsaí coicíse agus cúrsaí ar an múnla traidisiúnta,” a dúirt Siobhan Bairéad.
Dúirt Cóilín Ó Domhnaill, úinéir Choláiste Chiaráin ar an Cheathrú Rua, i gConamara, go bhfuil coláistí ag cur cúrsaí coicíse ar fáil anois mar gheall ar an éileamh ó thuismitheoirí.
“Ní raibh rogha ag coláistí ach tosú ag glacadh le scoláirí nach raibh ag teacht ach ar feadh coicíse de bharr éileamh agus brú ó thuismitheoirí, rud a d’fhág go raibh roinnt páistí a bhí ann ar feadh coicíse agus iad istigh i measc na scoláirí a bhí ag teacht ar feadh trí seachtaine. Éileamh ó thuismitheoirí a chuir coláistí i dtreo na gcúrsaí coicíse,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Domhnaill go bhfuil “an-tóir” ar na háiteanna ar chúrsaí coicíse i gcomparáid leis na cúrsaí trí seachtaine.
“Tógann muidne beagnach 1,100 scoláire sa samhradh ar na cúrsaí coicíse agus bhí beagnach trí mhíle scoláire ag lorg áiteanna ar na cúrsaí coicíse anseo. Ní raibh an taithí sin againn riamh. Bhí sé deacair na cúrsaí trí seachtaine a líonadh.
“Tá difear mór ann idir an lá inniu agus fiche bliain ó shin. Níl an t-am ag scoláirí anois freastal ar chúrsaí trí seachtaine,” a dúirt sé.
Dúirt Siobhán Bairéad gur gá go mbeadh saoirse ag coláiste ó thaobh fad na gcúrsaí toisc nach bhfaigheann coláistí samhraidh “aon tacaíocht dhíreach ón stát”.
“Tá sé iontach go bhfuil an maoirsiú ar siúl ar an earnáil, tugann sé cosaint do pháistí agus tá go leor tacaíochta ar fáil do mhná tí. Cuirtear comhairle ar fáil do choláistí faoin gcuraclam agus faoi struchtúr na gcúrsaí ach níl aon mhaoiniú ar fáil do choláistí.”
Dúirt Bairéad gur chóir go mbeadh cabhair ar fáil do choláistí má tá ar choláistí “feidhmiú faoi rialacháin stáit.”
“Má tá muid chun 50 bliain eile a chaitheamh ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge, caithfidh an tsaoirse agus an tsolúbthacht sin a bheith againn ó thaobh fad na gcúrsaí de. Is cinneadh tráchtála atá ann, cinneadh do chuile choláiste,” a dúirt Bairéad.
In 2008 a tháinig deireadh leis an maoiniú a chuireadh an Roinn Oideachais ar fáil do Choláistí Samhraidh Gaeilge.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais faoin scéal.