Oifigeach Pleanála Teanga le Gaeilge Iorrais (post-roinnt i nGaeltacht Mhaigh Eo Thuaidh)
Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile i gcomhar le Gaeilge Iorrais
Tá post-roinnt mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile. Is iad CFID i gcomhar le Gaeilge Iorrais atá freagrach as an bplean teanga do LPT Mhaigh Eo Thuaidh a chur i bhfeidhm. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil sé mar aidhm aige cur le líon na cainteoirí laethúla Gaeilge san LPT.
Is post ar chonradh bliana atá á thairiscint agus d’fhéadfadh cur leis an tréimhse sin. Beidh an té a cheapfar ag obair i gcomhar lenár nOifigigh Pleanála Teanga chun a chinntú go bhfuil bearta an phlean teanga curtha i bhfeidhm. Beidh sé/sí fosaithe ag Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile agus freagrach don Cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú.
Duine cumasach a bhfuil taithí agus cáilíocht aige/aici i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:
- Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa.
- Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal sa réimse pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar ina bhuntáiste ach níl sé riachtanach.
- Scileanna maithe ríomhaireachta agus taithí ar na meáin shóisialta.
- Tuiscint ar fhorbairt pobail agus i bplé le coistí/struchtúir phobail.
- Taithí i mbainistiú agus i gcur i gcrích tionscadal.
- Scileanna maithe cumarsáide, comhordaithe agus idirphearsanta.
Beidh 24 uair oibre (3 lá oibre) sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo. Beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Beidh taisteal i gceist leis an bpost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu.
Íocfar tuarastal de €21,870 don té a cheapfar agus tiocfaidh ardú ar seo de réir scála pá atá leagtha amach.
Tá an plean teanga do LPT Mhaigh Eo Thuaidh le fáil ar ár suíomh gréasáin ag www.gaeilgeiorrais.ie
Seol iarratas mar aon le CV, roimh 5 Lúnasa 2024 chuig: eolas@ionaddeirbhile.ie
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |