Oibrithe Luathbhlianta
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh
Lánaimseartha, Páirtaimseartha & Ionadaithe
Fáiltíonn an Crann Taca/Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT), Indreabhán, Co. na Gaillimhe H91 K6NE roimh iarratais do phost mar Oibrí Luathbhlianta chun dul ag obair le gasúir réamhscoile agus naíolainne.
Tá poist lánaimseartha agus pháirtaimseartha ar fáil, chomh maith le laethanta/uaireanta solúbtha le haghaidh ionadaithe.
Teastaíonn Gaeilge agus cáilíocht Leibhéal 5 ar a laghad i gCúram Leanaí (QQI/FETAC nó a chomhionann).
Scála pá: €14.50 go €16.50 san uair
Seoltar litir iarratais agus CV faoin 2 Lúnasa 2024 chuig bainisteoir@ittancranntaca.ie nó:
An Bainisteoir,
An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh,
Na hAille,
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe,
H91 K6NE
Tá eolas breise ar fáil ach ríomhphost a chur chuig bainisteoir@ittancranntaca.ie.
Is fostóir comhdheiseanna é an ITT.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |