Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Tá an-chuid roghanna amuigh ansin más maith leat cúrsa bunchéime a dhéanamh leis an nGaeilge. Seo daoibh roinnt acu a bhfuil dúil againn in PEIG.ie iontu.

B.A – Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin
Cuireann Ollscoil na hÉireann Gaillimh rogha leathan cúrsaí Gaeilge ar fáil ag leibhéal na bunchéime. Cé gur roghnaíodh an cúrsa seo le bheith ar ár liosta, is féidir breathnú ar na cúrsaí eile leis an teanga atá acu anseo. I gcás an chúrsa seo dírítear go sonrach ar staidéar na Gaeilge agus an Aistriúcháin, agus múintear na modúil ar an aistriúchán trí Ghaeilge le cabhrú le tumadh agus foghlaim na teanga.
Caitear súil ar shaol an aistritheora gairmiúil chomh maith agus ar na dualgais a bhíonn le comhlíonadh aige ó lá go lá. Má tá spéis agat aghaidh a thabhairt ar Institúidí an Aontais Eorpaigh mar aistritheoir amach anseo, is é an cúrsa seo an ceann is oiriúnaí duit. Léigh níos mó anseo.

BComm (Idirnáisiúnta) le Gaeilge
Tá domhan na Gaeilge ag fás níos mo lá i ndiaidh lae. Ag dul leis an bhfás sin bíonn éileamh ar ghnóthaí agus seirbhísí le freastal ar chainteoirí na teanga. Tugann an cúrsa seo deis duit foghlaim faoi na scileanna agus na modhanna oibre is éifeachtaí le dul i ngleic le saol an ghnó. Tapaigh an deis seo an Ghaeilge a fhoghlaim in éineacht leis an tráchtáil.
Tá rogha an-leathan ar fáil i gcás na modúl ar an nGaeilge agus sa tríú bliain bíonn socrúchán oibre le déanamh. Tugann an ghné seo taithí phracticiúil i suíomh oibre do na mic léinn ar an gcúrsa sula bhfágann siad an ollscoil. Do na fiontraithe inár measc – is daoibhse an cúrsa seo. Bain úsáid as do Ghaeilge chun an lámh in uachtar a thabhairt duit agus tú ag tosú amach i ndomhan an ghnó. Léigh níos mó anseo.

Cúrsa sách nua ar an bhfód é an cúrsa seo a cuireadh ar fáil ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath don chéad uair sa bhliain 2017/2018. Nascann an cúrsa seo staidéar dlí agus staidéar ar theanga na Gaeilge le chéile. Múintear modúil ar scríobh agus cruinneas na Gaeilge sa chéad agus sa dara bliain, agus ina dhiaidh sin tugtar rogha leathan modúl ar an Aistriúchán Dlíthiúil, Iriseoireacht na Gaeilge agus cinn eile a chuirfidh go mór le do chumas sa teanga i gcomhthéacs an dlíchleachtaidh.
Dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus suim acu sa dlí, ní thiocfar ar chúrsa níos fearr ná an ceann seo. Léigh níos mó faoi anseo. Cuireann Ollscoil Luimnigh cúrsa Dlí le Gaeilge ar fáil chomh maith. Is féidir léamh níos mó faoin gcúrsa sin anseo.

Cuireann Coláiste na Tríonóide 20 spás ar an gcúrsa uathúil seo ar fáil do dhaoine gur mian leo céim sna dána a bhaint amach sa ríomheolacíoht agus sa Ghaeilge. Is é seo an t-aon chúrsa amháin sa tír a thugann deis dá mic léinn staidéar a dhéanamh ar an dá ábhar seo le chéile.
Tá fás ollmhór tagtha ar an éileamh ar dhaoine a bhfuil ardscileanna códaithe agus ríomhaireachta acu, go háirithe leis an méid ollchomhlachtaí teicneolaíochta atá lonnaithe in Éirinn. Más Gael thú le cur amach maith ar ríomhairí agus ar an gcaoi a mbíonn siad ag feidhmiú go hinmheánach, tá an cúrsa seo foirfe duit. Léigh níos mó faoi anseo.
Níl aon chéim eile in Éirinn ar a múintear cúrsaí chomh sainiúil seo sa ghnó, sa bhainistíocht agus i dTeicneolaíocht na Faisnéise trí mheán na Gaeilge. Tá nasc idir an clár seo agus fostóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a thugann tús áite do chéimithe a bhfuil sárscileanna gnó agus IT acu agus ar ceannairí nuálacha iad.
Tá an cúrsa seo roghnaithe againn don liosta seo toisc go dtugann sé deis duit scileanna praiticiúla áisiúla a fhoghlaim a thiocfaidh i gcabhair go mór ort i do shaol gairmiúil. Má tá bua agat sa scríbhneoireacht agus Gaeilge ar do thoil agat b’fhiú duit machnamh a dhéanamh ar an gcúrsa seo. Tá béim ar leith ar na réimsí seo a leanas: an gnó, an bhainistíocht, Teicneolaíocht na Faisnéise agus an Ghaeilge. Sa bhreise air sin bíonn modúil ar an mBainistíocht Straitéiseach, Bainistíocht Tionscadail agus Bainistíocht Acmhainní Daonna. Léigh níos mó faoi ag: Fiontar & Scoil na Gaeilge.

B.A – Teangacha & Turasóireacht Idirnáisiúnta
D’éirigh le Institúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath stádas ollscoil theicniúil a bhaint amach an tseachtain seo caite agus beidh foirgnimh éagsúla s’aige ag aistriú go campas úrnua atá lonnaithe ar an nGráinseach Ghormáin i dtuaisceart na hardcathrach. Cuirtear an cúrsa ilghnéitheach seo ar fáil le rogha teangacha, an Ghaeilge cuid amháin acu.
Dírítear ar chúrsaí margaíochta agus bainisíochta i gcás na turasóireachta ar an gcúrsa agus ó thaobh na Gaeilge de tá modúil ar chultúr na hÉireann agus ar scríobh agus léamh na teanga. Cúrsa iontach é seo d’éinne le spéis san earnáil turasóireachta nó aíochta. Foghlaim na scileanna úsáideacha agus foghlaim faoi conas an Ghaeilge a shníomh isteach i do shaol gairmiúil amach anseo. Léigh níos mó faoi anseo.
Cuireann ollscoileanna eile ar oileán na hÉireann rogha cúrsaí bunchéime Gaeilge ar fáil chomh maith. Caith súil ar na cúrsaí de chuid Ollscoil Ulaidh, Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Mhá Nuad.
Spéis agat tabhairt faoi cúrsa iarchéime? Breathnaigh ar ár liosta anseo.
