Bainisteoir Ionad Cúram Leanaí
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Bainisteoir Ionad Cúram Leanaí Ghort an Choirce
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Bhainisteoir Luathbhlianta ar Ionad Cúram Leanaí Ghort an Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.
Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina iomláine. Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta/riaracháin agus taithí bainistiú foirne a bheith acu chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse cúram leanaí.
Tá cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (FETAC/QQI nó a chomhionann) riachtanach agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste. Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 074 9560296.
Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí chuig:
grace@cnng.ie
nó
Oifigeach Forbartha
Comhar Naíonraí na Gaeltachta Oifig 16, Gteic,
Áislann Ghaoth Dobhair
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
Na Dóirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92 D6OW
Roimh: Dé Céadaoin 31/07/2024
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |