Comhairleoir Pleanála Teanga
Bhaile Seirbhíse Gaeltachta: Béal an Mhuirthead - Coiste Pleanála Teanga
Comhairleoir Pleanála Teanga á lorg do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta: Béal an Mhuirthead
Tá comhairleoir pleanála teanga, lena cáilíochtaí cuí, á lorg ag Pobal Feasta CTR chun obair leis an gCoiste Pleanála Teanga le Plean Teanga Bhéal an Mhuirthead a réiteach.
Beidh an duine / eagras a cheapfar ag obair faoi stiúir an Choiste Pleanála Teanga chun an Plean Teanga a ullmhú, dírithe ar mhianta an phobail, mar atá léirithe sa taighde, agus mar thoradh ar chomhairliúchán leis an bpobal.
Seol litir iarratais agus CV chuig Pobal Feasta CTR ag pobalfeasta@gmail.com
Ní ghlacfar ach le hiarratais leictreonacha amháin ar ríomhphost.
Ba chóir go gcuimseoidh an litir iarratais tuiscint ar an tionscnamh agus ar an gceantar feidhme, cur chuige molta, chomh maith le meastacháin ar chostas agus ar chlár ama na hoibre.
Is é Dé Luain 5 Lúnasa 2024 an spriocdháta le haghaidh iarratais.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |