Comhordaitheoir Togra
Nemeton
Is comhlacht léirithe idirnáisiúnta é Nemeton atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise.
Léirímid na céadta uair a’ chloig de chláir, ach cuirimid raon leathan seirbhísí teicniúla ar fáil freisin ar shaitilít, IP and agus sruthú, ar fud an domhain. Ina measc siúd dona n-oibrímid, tá TG4, RTÉ, Sky Sports agus BBC.
Táimid ag cur lenár meitheal, ag lorg Comhordaitheoir Togra le taithí. Beidh an té a cheapfar ag bainistiú tograí nua a chabhróidh linn agus sinn i mbun léirithe agus i mbun tograí teicniúla.
• Córas inmheánach: Maoirseoireacht ar oibriúchán laethúil agus feabhsú leanúnach.
• Deimhniú agus mapáil próiséis: Ag baint úsáide as prionsabail DMAIC.
• Ag tabhairt tograí chun críche: Bainistiú agus feidhmiú tograí inmheánacha agus seachtracha.
Beidh an post lonnaithe sa Rinn i gCo. Phort Láirge agus ba bhuntáiste í tuiscint ar an nGaeilge.
Eolas breise le fáil ar nemeton.ie
Seol iarratas agus CV chuig hr@nemeton.ie leis an líne ábhair: Project Co-Ordinator Application – (Do ainm)
Roimh an Chéadaoin 28 Lúnasa 2024
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |