Oifigeach Forbartha
Gaeloideachas
Folúntas: Oifigeach Forbartha
Tá Gaeloideachas ag lorg duine fuinniúil le tuiscint agus taithí ar an earnáil tumoideachais chun tacú le bunú agus buanú bunscoileanna agus iar- bhunscoileanna laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht maraon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Gné lárnach den obair seo is ea seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do naíonraí agus scoileanna, mar aon le feachtais feasachta a chur i bhfeidhm chun críche poiblíocht ar bhuntáistí an tumoideachais.
Post lánaimseartha atá ann, le conradh 3 bliana
Tá foirm iarratais agus sainchuntas poist le fáil ó foluntais@gaeloideachas.ie
An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná meánlae, 16 Lúnasa 2024 ar ríomhphost amháin. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta. Tá súil againn agallaimh a rith sa tseachtain dár tús an 26 Lúnasa.
Scála Tuarastail (Oifigeach Feidhmiúcháin): €36,044-€58,834
Beidh an té a cheapfar ag tosú ag Pointe 1 den scála.
Tá polasaí oibre hibrideach i bhfeidhm ag Gaeloideachas, le meascán d’obair ó baile agus ón oifig. Is í príomhoifig na heagraíochta ná Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, BÁC 9 .
Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn. Tá eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag
www.gaeloideachas.ie
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |