PRÍOMH MHÚINTEOIR
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
PRÍOMH MHÚINTEOIR, NAÍONRA LEITIR MEALLÁIN
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Phríomh Mhúnteoir luathbhlianta i Naíonra Leitir Mealláin, Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 091 595337.
Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí chuig:
mmd@cnng.ie
nó
Mairéad Mhic Dhonnchadha
An tOifigeach Forbartha
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Aonad 3B
Páirc Gnó na Ceathrún Rua,
An Cheathrú Rua,
Co na Gaillimhe.
Roimh an Aoine 26/07/2024
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |