Scríobhaí do mhac léinn MA in UCD
Scoil na Gaeilge, UCD
Saorobair, Sealadach
Baile Átha Cliath, Cúige Laighean
15/08/2024
Tá Scoil na Gaeilge, UCD, ag lorg duine a fheidhmeoidh mar scríobhaí do mhac léinn atá ag tabhairt faoin gcúrsa MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i mbliana.
- Beidh ar an té a cheapfar a bheith i láthair ag na ranganna féin, ar champas UCD, chun cuidiú leis an mac léinn nótaí a bhreacadh.
- Idir 16:00-18:00 a bheidh na ranganna ar siúl de ghnáth. Cúrsa bliana is ea an MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge.
- Tá an cúrsa seo dírithe ar chruinneas agus ar cheartúsáid na Gaeilge, ar an aistriúchán agus ar an scríbhneoireacht chruthaitheach, mar sin beidh sárscileanna teanga ag teastáil ón té a dhéanfaidh an cúram. Is inmhianaithe go mbeidh céim sa Ghaeilge ag an té a cheapfar.
- Tríd an Ionad um Rochtain agus Foghlaim Feadh Saoil, UCD, a íocfar an té a cheapfar – is é €22.91an ráta a íocfar in aghaidh na huaire.
Chun iarratas a dhéanamh ar an ról seo, cuir CV agus litir léirithe spéise (mar aon cháipéis amháin) chuig cathal.billings@ucd.ie roimh 5i.n. ar an 15 Lúnasa.
Job Features
Job Category | Cúntóireacht, Gach Folúntas, Oideachas |