Comhordaitheoir Gaeilge24
Conradh na Gaeilge
Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile a bhunaigh é in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta ó shin i leith in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach.
Tá an Conradh ag cur leis an bhfeachtas Gaeilge24 a eagraíonn muid gach bliain trí fhostú Comhordaitheoir Gaeilge24 le cabhrú le Bainisteoir Gaeilge24. Is í aidhm Gaeilge24 ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair an chloig. Beidh an lá féin ag titim amach ar 12 Samhain 2024 ach bíonn go leor ullmhúchán roimh an lá agus ina dhiaidh.
Cur síos ar an bpost
Faoi stiúir Stiúrthóir Forbartha an Chonartha agus Buanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an gComhordaitheoir Gaeilge24 na dualgais a leanas a chomhlíonadh:
- Plé le scoileanna agus grúpaí páirteacha i nGaeilge24, ar an bhfón agus ar r-phost i nGaeilge go príomha
- Na meáin chumarsáide agus na meáin shóisialta a úsáid le Gaeilge24 a chur chun cinn
- Láimhseáil stoic e.g. nuair a thagann seachadtaí isteach / nuair a bhíonn orduithe le seoladh amach.
- Dualgais eile de réir mar is gá
Cur síos ar an té a cheapfar
- Caighdeán maith Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
- Taithí le MS Office / G Suite go háirithe Google Sheets agus/nó Excel
- Taithí le seirbhís custaiméara
- Taithí leis na Meáin Shóisialta
- Scileanna maithe eagrúcháin
Scála Tuarastail:
Oifigeach Feidhmiúcháin: €30,884 ar bhonn pro rata
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh as Gaeilge a chur chuig post@cnag.ie faoin Déardaoin, 1 Lúnasa 2024 ag 11:00 r.n..
Eolas eile:
- Tá sé i gceist go dtosóidh an ról chomh luath agus gur féidir agus go leanfaidh sé go dtí deireadh Nollaig 2024
- Bíonn Conradh na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann & bíonn cúraim uile-Éireann ag gach fostaí dá réir sin
- Tá sé i gceist go mbeidh an post seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach beidh solúbthacht i gceist más gá
- Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháin
- Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl Dé Céadaoin, 7 Lúnasa ar Zoom.
- Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le post@cnag.ie
Job Features
Job Category | Conradh na Gaeilge, Gach Folúntas |