Feidhmeannach Cumarsáide (ó dheas)
Conradh na Gaeilge
Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile a bhunaigh é in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta ó shin i leith in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach.
Tá sé i gceist ag an gConradh Feidhmeannach Cumarsáide a cheapadh le bheith ag plé le cúrsaí cumarsáide san eagraíocht.
Cur síos ar an bpost
Faoi cheannas Ard-Rúnaí agus Bhuanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an Feidhmeannach Cumarsáide na dualgais seo a leanas a chomhlíonadh:
- Córas cumarsáide éifeachtach a fhorbairt don mhór-réimse ó dheas & cúnamh a chur ar fáil do na mór-réimsí eile
- Cosaint thráthúil a dhéanamh ar an Ghaeilge ar ionsaithe uirthi sna meáin éagsúla, na meáin shóisialta san áireamh
- Feachtais a eagrú agus a stiúradh le haird a dhíriú ar ghnéithe ar leith den Ghaeilge a d’fhéadfadh bheith faoi ionsaí ó am go chéile
- Straitéis a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le stádas agus minicíocht úsáid na Gaeilge ó dheas sna meáin shóisialta agus sna meáin chumarsáide a mhéadú agus gaol oibre a chothú le hiriseoirí
- Cinnte a dhéanamh go bhfuil an Ghaeilge cruinn beacht ar gach ábhar clóite a théann amach – fógraí, ábhair an tSuímh Idirlín agus ábhair bholscaireachta san áireamh
- Cumarsáid a dhéanamh go rialta agus go réamhghníomhach leis na meáin chumarsáide agus leis na meáin shóisialta agus cinnte a dhéanamh go bhfuil na preasráitis cruinn beacht agus amuigh ag na meáin in am
- Tacaíocht agus oiliúint a chur ar fáil do ghrúpaí Gaeilge ó dheas chun iad a chumasú níos fearr le déileáil leis na meáin chumarsáide agus leis na meáin shóisialta
- Gaol a chruthú agus a chothú le hiriseoirí agus eagarthóirí faoi leith sna meáin chumarsáide agus agallaimh a shocrú go rialta
- Tacú go gníomhach le foireann CTI na heagraíochta agus leis an Bhainisteoir Cumarsáide
- Dualgais eile de réir mar is cuí
Cur síos ar an té a cheapfar
- Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla idir scríofa agus labhartha
- Scileanna láidre idirphearsanta
- Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear: scileanna ríomhaireachta agus scileanna bainistithe ama/pleanála
- Scileanna ar dhearadh graificí, Photoshop, Canva
- Scileanna ar WordPress agus bainistiú shuíomhanna idirlín
- Scileanna agus taithí ag plé le cumarsáid, leis na meáin shóisialta agus boggearraí anailíse ar líne
Scála Tuarastail:
Oifigeach Feidhmiúcháin: €36,044- €58,834. Íocfar 5% den tuarastal mar sholáthar pinsin ach a chomhionann a bheith á íoc ag an bhfostaí, tar éis dóibh tréimhse phromhaidh a bhaint amach.
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoi 11:00 Aoine, 9 Lúnasa 2024.
Eolas eile:
- Bíonn Conradh na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann & bíonn cúraim uile-Éireann ag gach fostaí dá réir sin.
- Tá sé i gceist go mbeidh an post seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach go mbeidh deiseanna cianoibre ar fáil fosta
- Is ar chonradh oibre bliana a fhostófar an té a cheapfar ar tús báire agus beidh deis ann go cuirfear leis seo ag bráth ar mhaoiniú
- Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháin don ról seo.
- Socrófar an dáta tosaithe leis an té a éiríonn leo an post a bhaint amach ach tá sé i gceist go mbeidh an té a cheapfar ag toiseacht Luan 9 Meán Fómhair 2024.
- Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl Dé Máirt, 13 Lúnasa 2024 thar Zoom.
- Chun an baol a laghdú go mbeadh iarratas ar líne déanach de bharr fadhbanna idirlín, moltar d’iarrthóirí iarratais a chur isteach ar a laghad 30 nóiméad roimh am dúnta.
- Tá an post seo maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Job Features
Job Category | Conradh na Gaeilge, Gach Folúntas |