Oibrí Cistine
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh
Fáiltíonn an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT)/An Crann Taca, Indreabhán, Co. na Gaillimhe roimh iarratais ar phost lánaimseartha ar chonradh sainchuspóra (7.00-4.00 ó Luan go hAoine) mar Oibrí Cistine. Beidh an té a cheapfar freagrach as réiteach agus riar béilí do
ghasúir an Ionaid, le cúnamh ó oibrithe cistine eile.
Riachtanais an phoist:
- Taithí ar bhia a réiteach do ghrúpaí
- Cáilíocht lónadóireachta / Teastas i Sláinteachas Bia (HACCP)
- Gaeilge líofa
Freagrachtaí an phoist:
- Bia a réiteach do bhéilí éagsúla do na gasúir ar fad san ITT (m.sh. bricfeasta, dinnéar, sneaiceanna), agus freastal ar aon riachtanais speisialta bia atá acu
- Bia a ordú de réir mar is gá
- Cinntiú go gcoinnítear an chistin glan, néata agus go gcomhlíontar na caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ar fad
Scála pá: €14.00-€15.50 in aghaidh na huaire
Seoltar litir iarratais agus CV faoin 2 Lúnasa 2024 chuig bainisteoir@ittancranntaca.ie nó:
An Bainisteoir,
An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh,
Na hAille,
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe,
H91 K6NE
Tá eolas breise ar fáil ach ríomhphost a chur chuig bainisteoir@ittancranntaca.ie.
Is fostóir comhdheiseanna é an ITT.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |