Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Chlúidín na mBabaí
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
OIBRÍ TACAÍOCHTA AIM NAÍONRA CHLÚIDÍN NA MBABAÍ
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Chlúidín na mBabaí, Ionad Pobail Bhaile an Chláir, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 091-595337.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí chuig:
mmd@cnng.ie
nó
Mairéad Mhic Dhonnchadha
An tOifigeach Forbartha
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Aonad 3B
Páirc Gnó na Ceathrún Rua
An Cheathrú Rua
Co na Gaillimhe
Roimh an Aoine, 02 Lúnasa, 2024
Job Features
Job Category | Gach Folúntas, Oideachas |