Oifigeach Forbartha Luathbhlianta Chonnacht/Laighean
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Oifigeach Forbartha in Réigiúnach Chonnacht/Laighean.
Tá folúntas ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta do dhuine cumasach agus fuinniúil i réimse dúshlánach oibre chun feidhmiú mar Oifigeach Forbartha Luathbhlianta chun forbairt, comhordú agus pleanáil a dhéanamh i réimse na luathbhlianta.
Beidh an té a cheapfar ag freastal ar sheirbhísí luathbhlianta Oirthear na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas.
- Sár-chaighdeán oideachais, suas go tríú leibhéal i gcúram leanaí, mar aon le taithí oiriúnach ar luathoideachas/cúram leanaí.
- Líofacht agus cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge.
- Taithí ábhartha san earnáil nó in earnáil ghaolmhar eile.
- Sár scileanna cumarsáide, comhordaithe agus idirphearsanta.
- Eolas ar fhoinsí maoinithe agus modhanna imeachta na bhforais éagsúla tacaíochta atá ag feidhmiú san earnáil luathbhlianta.
- Cumas cruthaithe i bpleanáil, i gcomhordú agus i measúnú éileamh agus riachtanais an phobail sa réimse luathbhlianta.
- Ard-scileanna ríomhaireachta.
- Ceadúnas glan tiomána.
Iarratas
Seol litir iarratas mar aon le CV agus cóip go do chuid cáilíochtaí ar ríomhphost amháin chuig: pattie@cnng.ie
Spriocdháta d’iarratais: 29ú Iúil 2024.
Ba chóir sonraí teagmhála do dhá mholtóir a sholáthar i d’iarratas.
Socrófar tuarastal agus coinníollacha oibre leis an té a cheapfar.
Beidh Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag cuir painéal le chéile ón agallamh seo chun postanna oifigigh forbartha luathbhlianta eile a thagann aníos san eagraíocht a líonadh.
Is fostóir chomhdheiseanna é Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |