Oifigeach Forbhartha Gaeilge
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Treoracha chun an Fhoirm Iarratais seo a chomhlánú i nGaeilge:
Tabhair do d’aire, le do thoil, sula gcuireann tú tús le hiarratas a chur isteach ar an bpost seo, ní mór d’iarrathóirí an teanga a athrú go Gaeilge tríd an táb ‘Athrú go Gaeilge’ a roghnú, ar féidir teacht air ag barr an leathanaigh seo ar dheis faoin Táb Uirlisí Inrochtaineachta.
Tabhair do d’aire, le do thoil, go mbeidh ar iarrthóirí a n-eolas ar fad a chur ar fáil i nGaeilge ar a bhfoirm iarratais ar líne.
Beidh na hagallaimh don phost seo á reáchtáil trí Ghaeilge chomh
An Post;
Tacaíonn agus cothaíonn an tAonad Forbartha Gaeilge soláthar seirbhísí ar ardchaighdeán trí Ghaeilge thar gach réimse sa Chomhairle trí eolas agus trí chomhairle a sholáthar don fhoireann go léir maidir le feasacht teanga, dualgais teanga, agus faoi cheisteanna comhlíontachta.
Ag obair leis na Seirbhísí Corparáideacha níos leithne & an Roinn Claochlaithe, beidh an tOifigeach Forbartha Gaeilge ag obair chun cuspóirí an Aonaid Fhorbartha Ghaeilge a bhaint amach, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt le go n-úsáidfear agus go bhfeicfear an Ghaeilge níos minice laistigh den Chomhairle Cathrach, agus comhlíontacht dualgais na Comhairle Cathrach faoi gach reachtaíocht reachtúil a chur chun cinn agus tacú léi, lena n-áirítear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (arna leasú).
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |