Oifigeach Pleanála Teanga in Inis Oírr
Comhar Caomhán Teoranta
Fógra Poist
Oifigeach Pleanála Teanga in Inis Oírr
Teastaíonn Oifigeach Pleanála Teanga in Inis Oírr. Conradh trí bliana a bheas ann. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comhar Caomhán Teo (comharchumann Inis Oírr) agus freagrach as clár oibre a chur i bhfeidhm, faoi threoir na ceanneagraíochta sin.
Tá Inis Oírr ar cheann de na hoileáin is rathúla agus ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Is cuid dár bhfís go mairfidh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga an oileáin, agus go mbeidh gasúir Inis Oírr ag fás aníos ina gcainteoirí dúchasacha, iad bródúil as a dteanga chianaosta agus fonn orthu í a labhairt go paiteanta mar urlabhra nua-aimseartha.
Tá bunchloch an Phlean Teanga leagtha síos le dhá bhliain anuas. Tá a lán tograí spéisiúla idir lámha faoi láthair, ina measc ranganna Gaeilge, scéim “Gaelchara”, cúrsa réamhbhreithe, aip don oileán (i nGaeilge go príomha), cumann drámaíochta, ranganna damhsa agus amhránaíochta, agus féilte pobail. Tá dea-thoil sa bpobal agus tá sí ag láidriú i gcónaí.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas acu:
Riachtanais
- Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
- Tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí pleanála teanga, ar fhorbairt pobail agus ar phlé le coistí/struchtúir phobail
- Taithí i mbainistiú agus i gcur i gcrích tionscadal
- Scileanna maithe cumarsáide, áisitheoireachta, agus comhordaithe
- Taithí ar fhoireann oibre a bhainistiú
- Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais
- A bheith sásta glacadh le uaireanta oibre neamh-shóisialta ó am go chéile
Buntáiste
- Cáilíocht tríú leibhéal sa réimse pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar
Beidh tuarastal idir €36,450 – €51,750 ag dul leis an bpost seo.
Is féidir é a roinnt le duine eile agus a bheith ag obair páirtaimseartha freisin.
Seol CV agus litir chumhdaigh ar ríomhphost chuig bainisteoir@discoverinisoirr.com roimh
5in Dé Céadaoin 7 Lúnasa 2024
Tá cóip den phlean teanga reatha agus tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Comhar Caomhán Teo. Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta, 2012. Tá plean teanga amháin ann d’Oileáin Árann. Tá Oifigeach
Pleanála Teanga lonnaithe ar gach oileán agus tá sé/sí freagrach as bearta an phlean teanga a chur i bhfeidhm ar an oileán sin. Bíonn comhoibriú idir na trí oileáin ann i gcónaí. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge san Limistéir Pleanála Teanga. Beidh
an tOifigeach Pleanála Teanga freagrach don cheanneagraíocht Comhar Caomhán. Is ar an eagraíocht sin atá an phríomhfhreagracht an plean teanga a chur i bhfeidhm.
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |