Oifigeach Sinsearach Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle na Gaelscolaíochta
TAG: OSSC0424
Tuarastal: NJC 35 – 38 £43,421 – £46,464
Stádas: Post Buan
Suíomh: Béal Feirste agus sa bhaile.
Is í Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) an foras atá ionadaíoch thar ceann na Gaelscolaíochta. Chuir an Roinn Oideachais (RO) ar bun í sa bhliain 2000 leis an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun iarratas a chur isteach, téigh, le do thoil, chuig www.comhairle.org/gaeilge/tar-ag-obair-linn/. Nó, is féidir pacáiste iarratais a iarraidh ach teagmháil a dhéanamh le: Comhairle na Gaelscolaíochta, Áras na
bhFál, 202 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6AH. Guthán: 028 90321475.
Ríomhphost: oifig@comhairle.org
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a bheith istigh ag tráth nach moille ná 12.00 Dé Luain 6 Bealtaine 2024.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |