Painéal Teagascóirí Gaeilge, UCD
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Saorobair
Baile Átha Cliath, Cúige Laighean
15/08/2024
Tá Scoil na Gaeilge, UCD, ag féachaint le painéal a fhorbairt as a bhféadfar teagascóirí ócáidiúla a earcú amach anseo.
Ní mór d’iarrthóirí na cáilíochtaí/tréithe seo a leanas a bheith acu:
- Céim onóracha sa Nua-Ghaeilge nó i ndisciplín gaolmhar;
- Sárscileanna Gaeilge, idir scríofa agus labhartha;
- Taithí ar theanga/ghramadach na Gaeilge a theagasc, ag leibhéal ollscoile agus/nó meánscoile;
- Sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta;
- An cumas oibriú in éineacht le daoine eile/mar bhall de mheitheal.
Ba chóir d’iarrthóirí an méid seo a leanas a thabhairt dá n-aire:
- Obair ócáidiúil .i. pá in aghaidh na huaire/an ranga, a bheidh i gceist. Íocfar €35.30 le teagascóirí as gach rang teagaisc a mhúinfidh siad. Tá eolas faoi rátaí pá le fáil anseo: https://www.ucd.ie/hr/pay/hourlypaidemployees/hourlypaidrates/
- Cuirfear pacáiste nótaí ranga ar fáil do theagascóirí roimh gach rang;
- Ní cianobair a bheidh i gceist – beidh na ranganna ar siúl go beo ar champas UCD, i mBaile Átha Cliath, i rith na bliana acadúla .i. Meán Fómhair – Nollaig agus Eanáir – Aibreán. Tá eolas beacht faoi fhéilire acadúil UCD le fáil ar shuíomh lín na hollscoile. Beidh na ranganna ar siúl idir 9.00 agus 18:00;
- Teagasc ar chláir bhunchéime Nua-Ghaeilge a bheidh i gceist sa ról seo, idir ranganna gramadaí agus ranganna comhrá. Déantar gach rang teagaisc trí mheán na Gaeilge amháin;
- Cuid ríthábhachtach den ról seo is ea an chumarsáid le mic léinn agus le baill foirne. Beifear ag súil leis go mbeidh teagascóirí ar fáil do mhic léinn chun comhairle a chur orthu/ceisteanna a fhreagairt;
- Ní hionann áit a bhaint amach ar an bpainéal agus ráthaíocht go mbeidh uaireanta teagaisc ar fáil;
- Beidh feidhm ag an bpainéal a chruthófar ar feadh tréimhse 24 mhí agus is féidir go rachfar i dteagmháil le daoine a n-éiríonn leo áit a bhaint amach air de réir mar a thagann deiseanna teagaisc aníos i rith na tréimhse sin ar fad;
- Is féidir go n-iarrfar ar iarrthóirí tástáil ghearr Ghaeilge agus/nó agallamh a dhéanamh sula gcuirfear a n-ainm ar an bpainéal seo.
Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae agus litir chlúdaigh (ceangailte mar aon cháipéis amháin) a chur chuig cathal.billings@ucd.ie faoi 5i.n. an 15 Lúnasa 2024.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas, Oideachas |