Riarthóir Oifige
Gaillimh le Gaeilge
Téarma Seasta
Cúige Chonnacht, Gaillimh
13/05/2024
Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú don ról mar Riarthóir Oifige (lánaimseartha) faoi láthair.
Luach saothair/sochair: Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí
Chun iarratas a dhéanamh: Seol litir chlúdaigh agus CV i nGaeilge chuig brid@gleg.ie.
Príomhdhualgais an phoist: Ag tuairisiciú chuig an bPríomhfheidhmeannach, déanfaidh an Riarthóir Oifige
- Obair riaracháin na hoifige a fhorbairt agus a bhainistiú
- Córas comhadaithe a fheidhmiú agus a bhainistiú
- Plé le fiosruithe ón bpobal (go pearsanta, fón, r-phost agus postas)
- Soláthairtí oifige a ordú agus stoc na stáiseanóireachta a choinneáil suas chun dáta
- Riaradh a dhéanamh ar scéim ballraíochta Chairde Ghaillimh le Gaeilge
- Tacaíocht a thabhairt d’fhoireann Ghaillimh le Gaeilge le tograí éagsúla
- Aon dualgas eile a bhaineann leis an bpost a dhéanamh
Is fostóir comhionannais deiseanna é Gaillimh le Gaeilge
Job Features
Job Category | Gach Folúntas |